Morgadh
Bás fíochán sa cholainn a tharlaíonn i bhfíocháin cosúil le méar coise, nó cos nó orgán inmheánach, go bhfuil an soláthar fola coinnithe uathu. Muna dtarlaíonn ionfhabhtú, tagann an fíochán le bheith dubh is seargann sé, agus is morgadh tirim é seo. Má ionfhabhaítear é, atann sé, tagann le bheith othrasach, leathann an fíochán marbh, agus bíonn gá le máinliacht phráinneach chun an ball lofa a bhaint is beatha an duine a shábháil.[1]
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Morgadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 469.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.