Molás

Síoróip scothdhonn a fhaightear mar fho-tháirge ó thionscal an tsiúcra. Is í a bhíonn fágtha agus an siúcra scagtha go hiomlán. Baintear feidhm as go forleathan mar fhorábhar i mbia d'ainmhithe, ba bainne go háirithe, agus i ndéanamh ruim is triacla.[1]

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Molás". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 467.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.