Moe
Cathair i nGleann LaTrobe agus i réigiún Gippsland san Astráil is ea Moe (fuaimniú: /ˈmoʊ.i/). Tá sí suite thart ar 135 km thoir ón phríomhchathair Melbourne, agus de réir an daonáirimh sa bhliain 2006, bhí 15,582 duine ina gcónaí sa chathair.[1] Is chuid de Chomhairle Cathrach LaTrobe é ceantar Moe. Tugadh ‘The Mowie’ ar Moe ar dtús, agus ‘Little Moi’ ina dhiaidh sin. Creidtear gur tháinig an t-ainm ó fhocal Kurnai, an teanga Bhundúchasach áitiúil, a chiallaíonn ‘seascann’ nó ‘corcach’.
Moe | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Astráil | |||
Stát de chuid na hAstráile | Victoria | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 8,778 (2016) | |||
Tíreolaíocht | ||||
Cuid de | Moe - Newborough (en) | |||
Airde | 76 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Cód poist | 3825 |
Stair
Fuarthas ór sa cheantar seo sa bhliain 1852, agus d'úsáidtí an lonnaíocht mar stad ar an mbealach go dtí na ceantracha óir in Walhalla. Osclaíodh Oifig an Phoist ar 17 Márta 1862. Cruthaíodh Sír Narracan sa bhliain 1878, an bhliain chéanna a tháinig an t-iarnród ó Morwell. Rinneadh suirbhé ar an mbaile sa bhliain 1879, agus fógraíodh Moe in chathair in 1963.
Aeráid
Moe (Willow Grove - Blue Rock Reservoir) – Aeráid | |||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Mí | Eanáir | Feabhra | Márta | Aibreán | Bealtaine | Meitheamh | Iúil | Lúnasa | Meán Fómhair | Deireadh Fómhair | Samhain | Nollaig | Bliain |
Teocht is airde (°C) | 42.5 | 43.0 | 37.7 | 32.5 | 26.5 | 22.5 | 20.2 | 24.5 | 26.5 | 32.3 | 37.0 | 39.6 | 43.0 |
Meán-uasteocht an lae (°C) | 26.3 | 26.3 | 23.3 | 19.8 | 16.2 | 13.7 | 13.1 | 14.2 | 16.1 | 18.7 | 21.3 | 23.8 | 19.4 |
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) | 13.1 | 13.3 | 11.4 | 9.5 | 7.6 | 5.5 | 4.7 | 5.0 | 6.2 | 7.9 | 9.9 | 11.3 | 8.8 |
Teocht is ísle (°C) | 4.7 | 6.0 | 0.5 | 1.1 | 1.5 | -5.0 | -1.2 | -1.4 | -0.5 | 0.7 | 3.0 | 4.0 | −5.0 |
Meán-bháisteach (mm) | 53.1 | 48.9 | 49.8 | 60.2 | 51.5 | 59.0 | 63.7 | 60.8 | 79.0 | 77.9 | 73.7 | 64.2 | 741.9 |
Foinse: Bureau of Meteorology[2] Eanáir 2011 |
Tagairtí
- (Béarla) "Daonáireamh 2006 'QuickStats' – Moe-Yallourn (Urban Centre/Locality)", Australian Bureau of Statistics (25 Deireadh Fómhair, 2007).
- (Béarla) "Climate statistics for Australian locations – Willow Grove (Blue Rock Reservoir)", Bureau of Meteorology (20 Eanáir, 2011).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |