Mo Mowlam
Ba pholaiteoir Briotanach í Marjorie "Mo" Mowlam Ph.D (18 Meán Fómhair 1949 - 19 Lúnasa 2005). Bhí sí ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre agus chaith sí tréimhse ina Aire Stáit i dTuaisceart na hÉireann idir 1997 agus 1999.
![](../I/Mo_Mowlem's_plaque%252C_1_Summerhill_Terrace%252C_Newcastle_-_geograph.org.uk_-_1738817.jpg.webp)
Bhí Mo Mowlam ina hAire Stáit sa Tuaisceart nuair a shíníodh Comhaontú Aoine an Chéasta sa bhliain 1998.
![](../I/Press_for_Change_with_Mo_Mowlem_-_1st_October_1997.jpg.webp)
Saol
![](../I/WTC_Andy_Mabbett_Coventry_Walk_of_Fame_-_Mo_Mowlam.jpeg.webp)
1987-1998
Bhí ainm in airde aici go forleathan mar dhuine de na polaiteoirí ba mhó a raibh gean uirthi ón dream "New Labour" sa Ríocht Aontaithe.[1]
Bhíodh aithne uirthi mar dhuine a bhí cliste, léannta agus tarraingteach. Bhí sí in ann labhairt go díreach agus go neamhbhalbh ar chúrsaí.[2]
1999
Bhí seanchairdeas idir aire eile, Peter Mandelson agus Mo Mowlam.[3] Sa bhliain 1999, gheall Mandelson go ndéanfadh sé idirbheartaíocht ar a son nuair a tuairiscíodh go raibh rún ag Tony Blair í a bhogadh go cúram eile. Ina áit sin, bhronn an Príomh-Aire an cúram ar Mhandelson féin. Ní nach ionadh, bhí Mo ar mire leis agus chuir sí ina leith go raibh sé ag iarraidh a post a ghoid uaithi. Cuirfidh sé iontas ar a lán, b’fhéidir, gur scríobh Mandelson – fear a bhfuil cáil Machivelliach air – ina dhiaidh sin chuig Blair ag impí air Mo a fhágáil san áit ina raibh sí. Mhaígh Blair, áfach, nach raibh muinín ag na hAontachtóirí inti agus gur beag meas a bhí ag an phobal náisiúnach uirthi a thuilleadh.[4]
Bás
D'éag sí ar an 19 Lúnasa 2005. Bhuail siad urchóideach í sa bhliain 1997, ach cheil sí an fhírinne ag an am. Níos déanaí, thuill sí meas mar gheall ar a troid in aghaidh ailse inchinne.
Féach freisin
Tagairtí
- Kelly Grehan. "15 years after her death, Mo Mowlam remains a figure held in high esteem" (en-GB). LabourList. Dáta rochtana: 2021-08-19.
- " cumasach agus dúthrachtach i mbun a dualgais", Póilín Ní Chiaráin (2018). "An raibh caighdeán na bpolaiteoirí thall agus abhus riamh chomh híseal?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-19.
- Breandán Delap (2010). "Idir Dhá Chomhairle" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-08-19.
- Mary Holl. "Mo should be given the time to see the Northern job through" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-08-19.