Michael Logue
Príomháidh na hÉireann Uile agus cairdinéal ba ea Michael Logue (1 Deireadh Fómhair 1840 – 19 Samhain 1924).[1][2]
(1920) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Deireadh Fómhair 1840 Cill Mhic Réanáin |
Bás | 19 Samhain 1924 84 bliana d'aois Ard Mhacha, Northern Ireland |
Áit adhlactha | St Patrick's Cathedral (en) |
Cairdinéal | |
16 Eanáir 1893 – | |
Ard-Easpag Caitliceach Ard Mhacha | |
19 Aibreán 1887 – ← Daniel McGettigan (en) – Patrick Joseph O’Donnell → Deoise: Ard-Deoise Ard Mhacha | |
Ardeaspag teidealach | |
19 Aibreán 1887 – Deoise: Anazarbus (en) | |
Easpag deoise | |
13 Bealtaine 1879 – ← James McDevitt (en) – Patrick Joseph O’Donnell → Deoise: Deoise Chaitliceach Ráth Bhoth | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na hÉireann, Má Nuad |
Céim acadúil | Dochtúir Diadhachta |
Gníomhaíocht | |
Gairm | easpag Caitliceach (1879–), sagart Caitliceach (1866–) |
Fostóir | Ollscoil Pháras |
Teangacha | Béarla |
Coisreacan | Daniel McGettigan (en) |
Ghlac sé/sí páirt i | |
2 Feabhra 1922 | 1922 papal conclave (en) |
31 Lúnasa 1914 | 1914 papal conclave (en) |
31 Iúil 1903 | 1903 papal conclave (en) |
Cheap an Pápa Leo XIII ina Ardeaspag ar Dheoise Ard Mhacha agus Éarlamh na hÉireann Uile sa bhliain 1887 mar comharbha ar an Easpag. Eisean a bhí ina chomharba ar Ardeaspag Daniel MacGettigan. Rinneadh Cairdinéal de ar 19 Eanáir 1893.
D’éag Logue in Ara Coeli, teach cónaithe Easpag Ard Macha taobh leis an Ardeaglais,[3] ar 19 Samhain 1924 in aois 84 dó.
Polaitíocht
Bhí an Cairdinéal go láidir in aghaidh na gluaiseachta poblachtaí.[4]
Sa bhliain 1916, nuair a bhí Éirí Amach na Cásca críochnaithe, chuir Logue teileagram chuig Leo XIII ag rá ‘
Ar an dea-uair, tá an t-éirí amach thart. Ghéill na ceannaircigh gan choiníoll. Tá súil agam go mbeidh an tsíocháin i réim arís’.
Thug sé sin pléisiúr don Phápa. Chorraigh na heachtraí Leo XIII agus d’ordaigh sé do Logue agus na heaspaig a rá le daoine a bheith dílis do Shasana.[5]
Sa bhliain 1921, ba é an Logue a bhí mar uachtarán ar Chros Bhán na hÉireann.
Gaeilge
As Cill Mhic nÉanáin, Contae Dhún na nGall, bhí Gaeilge ag Logue. Ar an 7 Bealtaine 1899, thug sé an Aitheasc ag an tríú Oireachtas ar siúl, san Rotunda i Seomraí an Chonnradh agus i dTeach an Árd Mhéara i mBaile Átha Cliath.[6][2]
Tharraing Logue conspóid. Bhí an tAthair Ó hIceadha an-dian ar easpaig Chaitliceacha na hÉireann. D’ionsaigh sé Logue agus baill eile den chliarlathas agus thug sé ‘worthless faction’ agus ‘authors of squalid and foolish apostasy’ orthu.[7]
Féach freisin
- Tomás Ó Fiaich
- Cros Bhán na hÉireann
Tagairtí
- "Logue, Michael | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2022-12-05.
- Aisling Walsh (2005). "Michael Cardinal Logue 1840-1924". Seanchas Ardmhacha: Journal of the Armagh Diocesan Historical Society 20 (2): 245–292. doi: . ISSN 0488-0196.
- Arasán Coeli nó Altóir na Spéire, áras cónaithe na n-easpag, Ard Mhacha
- "Maoiniú na Chéad Dála" (ga-IE). Dáil100 | Houses of the Oireachtas. Dáta rochtana: 2022-12-05.
- Stiofán de HIndeberg, Comhar EAGRÁN 8 2017 (2017). "Éirí Amach na Cásca 1916 agus An Eaglais Chaitliceach". Dáta rochtana: 2022.
- "Maoiniú na Chéad Dála" (ga-IE). Dáil100 | Houses of the Oireachtas. Dáta rochtana: 2022-12-05.
- Maitiú Ó Coimín (19 Samhain 2016). "100 bliain ó bhásaigh Mícheál Ó hIceadha ‘The Man Who Died for the Language’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-05.