Michael Davitt (file)

Aithnítear Michael Davitt mar dhuine de mhórfhilí na Gaeilge sa 20ú haois (a rugadh i gCorcaigh ar 20 Aibreán 1950 agus a fuair bás ar 19 Meitheamh 2005).[1]

Infotaula de personaMichael Davitt
Beathaisnéis
Breith20 Aibreán 1950
Bás19 Meitheamh 2005
55 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFilíocht
Gairmiriseoir, file Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghaeilge

Saol

Chuaigh Davitt chuig Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Bhunaigh agus d'eagraigh sé an iris filíochta Innti.

Sna 1980idí, d'oibrigh Davitt le RTÉ mar thuairisceoir agus láithreoir.

Sa bhliain 1994, bhronn An Institiúid Chultúrtha Ghael-Mheiriceánach Duais an Bhuitléaraigh ar Davitt.

Bhí sé ina bhall d'Aosdána.

Conspóidí

Sna 1970idí, bhí Davitt ag obair mar theagascóir sna campaí samhraidh de chuid Gael Linn. Níos déanaí, ciontaíodh Davitt as mí-úsáid gnéis.[2] Tuairiscíodh freisin go ndearna sé ciapadh ar Bhláthnaid Ní Chofaigh nuair a thosaigh sí ag obair in RTÉ mar thuairisceoir óg.

Rug an bás go tobann ar Davitt agus é amuigh ag siúl i gContae Shligigh ar an 19 Meitheamh 2005. Bhí fadhb ólacháin ag cur air sna 2000idí.[1]

Saothair

  • Dánta 1966-1998 (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2004)
  • Seimeing Soir (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2004)
  • Fardoras (Gallimh: Cló Iar-Chonnachta Teo, 1998)
  • Freacnairc Mhearcair/The Oomph of Quicksilver (Cork: Cork University Press, 2000)
  • Scuais (Gallimh: Cló Iar-Chonnachta Teo, 1998)
  • An Tost a Scagadh (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 1993)
  • Selected Poems/Rogha Dánta 1968-1984 (Dublin: Raven Arts Press, 1987)
  • Bligeard Sráide (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 1983)
  • Gleann ar Ghleann (Baile Átha Cliath: Sáirséal · Ó Marcaigh, 1982)
  • Sruth na Maoile Michael Davitt & Iain Mac Dhomhnaill a bhailigh. (Canongate / Coiscéim 1993)

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. DAVITT, Michael Seosamh (1950–2005) | ainm.ie (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. THE man who sexually harassed RTE presenter Blathnaid Ni Chofaigh as a teenage reporter was the convicted paedophile poet Michael Davitt, the Irish Daily Mail can reveal.. "Blathnaids tormentor was poet with abuse conviction" (en). article.wn.com. Dáta rochtana: 2019-06-22.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.