Meta Platforms
Is ollchomhlacht teicneolaíochta é Meta nó Meta Platforms, Inc, Is le Meta na hardáin dhigiteacha Facebook, Instagram agus WhatsApp a bhfuil tóir ábhalmhór orthu ar fud an domhain. Is é an meán sóisialta Facebook a phríomhghnó.
(en) Meta Platforms, Inc. ![]() | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
![]() ![]() | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ainmnithe in ómós | meiteachruinne agus Facebook ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cineál | cuideachta phoiblí comhlacht teicneolaíochta soláthraí seirbhíse ar líne ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Foirm dlí | Delaware corporation (en) ![]() ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Foirm dlí | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dáta a bunaíodh | 29 Iúil 2004, Cambridge ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Bunaitheoir(í) | Mark Zuckerberg, Eduardo Saverin, Dustin Moskovitz, Chris Hughes agus Andrew McCollum ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ócáid shuntasach | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
2018 | Facebook 2018 data breach (en) ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
2019 | Facebook 2019 data breach (en) ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
1 Lúnasa 2019 | Facebook 2019 data breach (en) ![]() ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Táirge | bogearra, Messenger (en) ![]() ![]() ![]() ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ball de | DataCite (en) ![]() ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Úsáideann sé/sí | cuntas browsing history (en) ![]() app usage measurements (en) ![]() profiling information (en) ![]() notification system (en) ![]() app usage measurements (en) ![]() browsing history (en) ![]() market segment (en) ![]() uimhir theileafóin Advertising ID (en) ![]() geopositioning (en) ![]() ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Stocmhalartán | (NASDAQ META) ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Earra a úsáidtear : | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Rialachas corparáideach | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ceanncheathrú |
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Príomhoifigeach feidhmiúcháin | Mark Zuckerberg (2004–) ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Stiúrthóir/bainisteoir | Mark Zuckerberg ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Líon fostaithe | 58,604 (2020) ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Úinéir | Mark Zuckerberg (52.9%). Eduardo Saverin (6.9%). Dustin Moskovitz (3.8%). BlackRock (2.3%). ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Fochomhlacht | Facebook International Operations Limited (en) ![]() Cassin Networks ApS (en) ![]() Oversight Board (en) ![]() Facebook AI Research (en) ![]() Facebook Overseas, Inc (en) ![]() Beat Games (en) ![]() Novi Financial (en) ![]() Onavo (en) ![]() Facebook (Israel) (en) ![]() Facebook Ireland Limited (en) ![]() Reality Labs (en) ![]() WhatsApp LLC (en) ![]() PlayGiga (en) ![]() Mapillary AB (en) ![]() ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cuid de | Big Tech (web) (en) ![]() S&P 500 S&P 100 Facebook, Apple, Amazon, Netflix and Google (en) ![]() ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Iar-ainm | TheFacebook, Inc. (2004–2005) Facebook, Inc. (2005–2021) Meta Platforms, Inc. (2021–) ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Táscaire eacnamaíoch | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cothromas iomlána | 128,290 M$ (2020) ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ioncam iomlán | 116,609 M$ (2022) ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Glanbhrabús | 23,200 M$ (2022) ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Sócmhainní iomlána | 159,316 M$ (2020) ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Eile | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gradam a fuarthas
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Suíomh gréasáin | about.meta.com ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Príomhoifig
|
Tá na billiúin dollar caite ag Meta ar thogra ollmhór dá gairtear an meiteachruinne nó 'metaverse'.[1]
![](../I/Sede_central_de_Facebook_en_Dublin_(Irlanda).jpg.webp)
Gnó
Bhí 87,000 duine fostaithe ag Meta ar fud an domhain sa bhliain 2022.[2] I mí na Samhna 2022, d'fhógair Meta go raibh siad le 13% den 87,000 duine atá fostaithe acu a ligean chun siúil. Sin 11,000 fostaí san iomlán i dtíortha éagsúla.[3]
Bhain an scéal b'fhéidir leis an rófhás a tháinig sna 2010idí ar an earnáil teicneolaíochta idirnáisiúnta. Ach i mí na Márta 2023, dúirt Meta go raibh sé le 10,000 fostaí eile in ionaid éagsúla ar fud an domhain a ligean chun siúil, agus bhí na scairshealbhóirí sásta leis an fógra sin ag an am.[1][4]
Comhlíonadh
Cúlra
Sa bhliain 2013, scaoileadh an rún faoin easpa cosanta sonraí nuair a léirigh Edward Snowden - a bhí fostaithe ag an am leis an National Security Agency i Meiriceá – go raibh údaráis na Stát Aontaithe i mbun spiaireachta ar dhaoine ar na meáin shóisialta, a bhuíochas don aistriú sonraí ón AE go SÁM.[5]
Tamall níos déanaí sa bhliain 2013, thug Max Schrems – Ostarach a bhí i mbun feachtais faoi phríobháideachas saoránach – dúshlán cúirte do Facebook ar an mbonn go raibh ag cliseadh orthu a chuid cearta príobháideachais a chosaint.[6]
Tar éis blianta fada cur agus cúiteamh sna cúirteanna, chuir an Chúirt Bhreithiúnas Eorpach ar neamhnaí an "Sciath Phríobháideachais" – an socrú sa dlí faoi aistriú sonraí a bhíodh i bhfeidhm idir an tAE agus SÁM.
Sna 2020idí, bhí conradh nua faoi aistriú sonraí aontaithe idir an dá bhloc á phlé.[5]
Fíneáil Meta 2023
Sa bhliain 2023, bhí €1.2 billiún d'fhíneáil gearrtha ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn ar Meta faoin dlí a shárú agus Meta ag aistriú sonraí pearsanta ón Aontas Eorpach go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá.[5] Bhí Meta ag lorg achomharc ar an gcinneadh agus níor íoc siad pingin ar bith go fóill.[7]
Mar chuid de bhreithiúnas an Choimisiúin, bhí ordú faighte ag Meta aistriú sonraí ón AE go SÁM a chur ar fionraí, ach bhí 5 mhí acu géilleadh don ordú sin. Bhí 6 mhí faighte ag Meta chun deireadh a chur leis an gcleachtas ag an gcuideachta sonraí pearsanta lucht úsáidte san Eoraip a phróiseáil agus a stóráil go mídhleathach i Meiriceá ar an mbonn gur sárú é ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR).
Rinne an Coimisiún um Chosaint Sonraí fiosrúcháin faoi na huirlisí dlí a bhíonn á n-úsáid ag Meta le sonraí lucht úsáidte Facebook a aistriú go Meiriceá. "Gnáthchlásail conartha" a thugtar ar na huirlisí sin. Ach rialaigh an Coimisiún nach leor iad le seasamh in aghaidh na rioscaí atá ann do chearta bunúsacha agus saoirse bhunúsach daoine agus a gcuid sonraí.
Rialaigh an Coimisiún in Éirinn ar dtús báire nach mbeadh fíneáil i gceist. Ach d’easaontaigh rialaitheoirí eile ar an MórRoinn leis sin agus i ndeireadh na dála rialaigh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí go ngearrfaí fíneáil ar Meta.[5]
Meta in Éirinn
Is i mBaile Átha Cliath atá ceanncheathrú Eorpach Meta. Bhí 3,000 díobh sin ag obair go díreach don chomhlacht in Éirinn ag tús 2022, agus bhí breis is 6,000 duine eile a oibríonn le comhlachtaí eile a chuireann seirbhísí tacaíochta ar fáil dó.[2][8] I dtús na bliana 2023, ní raibh ann ach 2,600 i mBÁC agus d'fhógair Meta go raibh an comhlacht le thart ar 490 fostaí eile in Éirinn a ligean chun siúil.[9]
Tagairtí
- Nuacht TTÉ (2023-03-14). "Meta le 10,000 fostaí eile a ligean chun siúil" (as ga-IE).
- Nuacht RTÉ (2022-11-07). "Postanna á gcailleadh i Meta" (as ga).
- Nuacht RTÉ (2022-11-09). "Meta le 390 fostaí in Éirinn a ligean chun siúil" (as ga-IE).
- Katie Paul, Nivedita Balu (2023-03-14). "Meta to cut 10,000 jobs in second round of layoffs" (en). Reuters. Dáta rochtana: 2023-03-15.
- Nuacht RTÉ (2023-05-22). "€1.2 billiún pionóis ar Meta faoi aistriú sonraí pearsanta" (as ga).
- "High Court: Max Schrems entitled to 80 percent of his legal costs against DPC in compromised proceedings" (en). Irish Legal News (2022-09-30). Dáta rochtana: 2023-05-22.
- Bhain an breithiúnas le Facebook ach ní bhain sé le h-ardáin eile de chuid Meta fearacht Instagram agus WhatsApp.
- RTÉ (Samhain 2022). "Andy Caomhánach, Feidhmeannach Ríomhaireachta, Acadamh na hOllscolaíochta." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2022-11-29.
- Nuacht RTÉ (2023-05-24). "Meta le thart ar 490 fostaí in Éirinn a ligean chun siúil" (as ga).