Meicnic staitistiúil
Brainse den fhisic a sholáthraíonn nasc idir feiniméin ollscála ina bhfuil an-chuid adamh is móilíní ag idirghníomhú le chéile agus airíonna macrascópacha an ábhair nó an chórais. Go bunúsach, is é atá in airíonna macrascópacha ábhair ná cuingriú mheánluachanna airíonna na n-adamh, agus a ndáileadh ar fud an bhailiúcháin iomláin de na cáithníní san ábhar. Tá an mheicnic staitistiúil lárnach chun feiniméin chriticiúla is airíonna teirmidinimiciúla solad a thuiscint.[1]
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Meicnic staitistiúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 447.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.