McLean, Virginia
Baile i gContae Fairfax, i dtuaisceart Virginia, sna Stáit Aontaithe is ea McLean. Cuireadh dhá phobal, Lewinsville agus Langley, le chéile sa bhliain 1910 agus tugadh an t-ainm McLean ar an mbaile nua.
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
![]() ![]() | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Stát sna Stáit Aontaithe | Virginia | ||||
County of Virginia (en) ![]() | Contae Fairfax, Virginia ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 50,773 (2020) ![]() | ||||
• Dlús | 787.79 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 16,767 (2020) ![]() | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Located in statistical territorial entity (en) ![]() | Washington metropolitan area (en) ![]() ![]() | ||||
Achar dromchla | 64.450065 km² ![]() | ||||
• Uisce | 0.3771 % ![]() | ||||
Airde | 87 m ![]() | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1910 | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama |
Measadh 53,673 duine a bheith ina gcónaí in McLean sa bhliain 2015.[1]
Le bheith cruinn, ní baile é McLean ach "áit dhaonáireamh-shainithe" (CDP).
Rialtas
Cónaíonn a lán ard-fheidhmeannach gnó agus ard-oifigeach i rialtas na Stát Aontaithe, chomh maith le taidhleoirí ó thíortha eile, in McLean mar gheall ar an mbaile a bheith chomh cóngarach sin do Washington, D.C.. Tá cheanncheathrú an Central Intelligence Agency suite in Langley, cuid de McLean.
[[Íomhá:USA Today building.jpg|mion|
![](../I/USA_Today_building.jpg.webp)
Geilleagar
Ar na comhlachtaí móra atá lonnaithe in McLean tá Capital One (banc), Mars, Geebo, Booz Allen Hamilton, Freddie Mac agus Hilton Worldwide.
![](../I/Spring_Hill_Farm3_-_McLean_VA.JPG.webp)
Tá Tysons Corner, CDP eile, lámh le McLean agus úsáideann comhlachtaí mar Hilton agus Gannett McLean mar a seoladh. Mar an gcéanna, áirítear siopalanna Tysons Corner mar chuid de McLean.
Measadh SA$194,832 a bheith mar theacht isteach ag an ngnáth-theaghlach sa bhaile. Tá dhá Chód ZIP McLean—22101 agus 22102—ar na Cóid ZIP is costasaí sna Stáit Aontaithe.
Tagairtí
- See https://factfinder.census.gov/faces/nav/jsf/pages/community_facts.xhtml Curtha i gcartlann 2015-01-08 ar an Library of Congress Web Archives