Maurizio Cattelan
Is ealaíontóir Iodálach é Maurizio Cattelan (a rugadh ar 21 Meán Fómhair 1960) a dhéanann suiteáin hipir-réalaíocha. Leanann conspóid i gcónaí é. Tugtar bobaire air uaireanta, a dhéanann gníomh gríosaithe ó am go ham.

![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Meitheamh 1960 63 bliana d'aois Padua, An Iodáil ![]() |
Áit chónaithe | Viale Bligny (en) ![]() |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Dealbhóireacht agus taibhealaín |
Suíomh oibre | Criquetot-l'Esneval Milano Nua-Eabhrac ![]() |
Gairm | ealaíontóir, taibhealaíontóir, péintéir, amharc-ealaíontóir, ealaíontóir suiteáin, grianghrafadóir, ealaíntóir choincheapúil, déantóir priontaí, línitheoir ![]() |
Seánra | Ealaín choincheapúil agus ealaín suiteála |
Teangacha | An Iodáilis |
Gníomhaire | Perrotin (en) ![]() |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | mauriziocattelan.altervista.org ![]() |
![]() ![]() |
Comedian (2019),
Sa bhliain 2019, chruthaigh Cattelan píosa ealaíne bunaithe ar bhanana ... ghreamaigh sé banana den bhalla le téip. Comedian an t-ainm a thug sé ar an bpíosa ealaíne. Dhíol sé an phíosa ealaíne ar phraghas €120,000.[1][2]
In 2019, chuir David Datuna físeán in airde ar an idirlíon inar ith sé an banana.[3] Bhí banana nua curtha in airde. Is cosúil go gcuireann siad banana nua in airde gach trí lá ar aon nós.
Sa bhliain 2023, bhí Noh Huyn-soo ag tabhairt cuairte ar an Leeum Museum of Art, i Seoul, Chóiré. D’ith sé an banana ó Comedian. Chuir sé an craiceann ar ais ar an mballa faoin téip.[4]
Tagairtí
- NPR (1 Bea 2023). "The guy who ate a $120,000 banana in an art museum says he was just hungry". Dáta rochtana: 2023.
- Graham Russell (2019-12-08). "Banana artwork that fetched $120,000 is eaten by 'hungry' artist" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-05-21.
- "David Datuna: Artist eats $120,000 banana art at gallery - BBC News" (as en) .
- maynoothuniversity.ie (Eleathanach 441, 15 Bealtaine 2023). "Píosa ealaíne blasta". Dáta rochtana: 2023.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |