Matthias Claudius
File agus iriseoir Gearmánach ab ea Matthias Claudius.[1] Do rugadh é, ar an 15ú lá de Lúnasa sa mbliain 1740, i Reinfeld (Holstein), baile beag atá suite i dtuaisceart na Gearmáine, agus do fuair sé bás, ar an 21ú lá d'Eanáir sa mbliain 1815, i gcathair Hamburg na Gearmáine.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 15 Lúnasa 1740 Reinfeld |
Bás | 21 Eanáir 1815 74 bliana d'aois Hamburg |
Siocair bháis | Bás nádúrtha |
Áit adhlactha | Historischer Friedhof Wandsbek |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Liútarachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Jena - diagacht |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, scríbhneoir, iriseoir, file dlíodóra |
Ball de | |
Ainm cleite | Asmus Wandsbecker Bote |
Teangacha | Gearmáinis |
Teaghlach | |
Páiste | Friedrich Matthias Jacobus Claudius, Caroline Perthes |
Siblín | Christian Detlev Claudius |
Duine muinteartha | Louise Perthes (gariníon) |
Tá cáil ar Chlaudius de bharr a chuid filíochta tochtmhaire go háirithe, filíocht a bhfuil tionchar na Volkslieder - .i. amhráin dhúchasacha na Gearmáine - le feiscint uirthi. Is é Der Tod und das Mädchen (Gaeilge: 'An Bás agus an Cailín') an dán is cáiliúla de chuid Chlaudius. Do bhunaigh Franz Schubert Kunstlied - nó 'amhrán ealaíne' - dá chuid ar an ndán san.
Tagairtí
- Do bhaineadh Claudius úsáid as an ainm cleite Asmus leis.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.