Matthew Webb
Ba é an Captaen Matthew Webb (19 Eanáir 1848 – 24 Iúil 1883) an chéad duine a d'éirigh leis an Mhuir nIocht a shnámh, gan cúnamh. Ar an 25 Lúnasa 1875 shnámh sé ó Dover, Shasana go Calais san Fhrainc, taobh istigh de 22 uair a chloig.
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 19 Eanáir 1848 Dawley, England ![]() |
Bás | 24 Iúil 1883 35 bliana d'aois Eas Niagara ![]() |
Siocair bháis | Bás tionóisceach (Bá) |
Áit adhlactha | Oakwood Cemetery (en) ![]() ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Tottenham Grammar School (en) ![]() ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | snámhóir, éachtóir ![]() |
Tír spóirt | Sasanaigh ![]() |
Spórt | snámh ![]() |
Croineolaíocht | |
cross-Channel swimming (en) ![]() ![]() | |
![]() ![]() |
Luath-óige agus gairmréim
Rugadh Webb i nDawley, Shropshire. Bhí 12 páiste ag a athair, a bhí ina dhochtúir ó Coalbrookdale. Liostáil sé leis an gCabhlach Ríoga agus chuir sé isteach trí bliana mar phrintíseach le Rathbone Brothers ó Learpholl,Shasana.
Curiarracht snámha Mhuir nIocht
Ar an 12 Lúnasa 1875 rinne Webb a chéad iarracht an Mhuir nIocht a thrasnú, ach theip air toisc go raibh an ghaoth róláidir agus an fharraige ró-gharbh dó.
Ar an 24 Lúnasa 1875 thosaigh sé ar a dara iarracht, ó Admiralty Pier i nDover. Ar dtús báire, roimh dul isteach dó, d'ith sé bricfeasta mór bagúin agus uibheacha agus chaith sé siar gloine cláiréid leis!

Bhí a chorp smeartha le hola muice mara roimh dul isteach san uisce dó. D'úsáid sé an bhéim bhrollaigh agus é ag snámh. Chuir sruth láidir taoide, maille le cealgaí ó smugairlí róin coiteann, isteach go mór air, agus é amuigh ó Cap Gris Nez.
D'éirigh leis áfach cladach Chalais a bhaint amach, tar éis 21 uair agus 45 nóiméad san fharraige.
Bás
Ar an 24 Iúil 1883, rinne Webb iarracht snámh trasna na guairneáin in Abhainn Niagara ag bun Eas Niagara i gCeanada. Chuir sé an chéad chuid de slán. Ach níor tháinig sé aníos as an bpoll súraic i lár na habhann.
Breis léitheoireachta
- Elderwick, David (1987). Captain Webb: Channel Swimmer. ISBN 0-947731-23-7.
- Sprawson, Charles (1992). Haunts of the Black Masseur: The Swimmer as Hero. ISBN 0-8166-3539-0.
- Watson, Kathy (2000). The Crossing: The Curious Story of the First Man to Swim the English Channel. ISBN 0-7472-2341-6.
Naisc sheachtracha
