Marvin Gaye
Amhránaí Meiriceánach agus "rí an cheoil Soul" ab ea Marvin Pentz Gay, Jr (2 Aibreán 1939 - 1 Aibreán 1984).
![]() (1973) ![]() | |
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Marvin Pentz Gaye, Jr. |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (en) Marvin Pentz Gay, Jr. 2 Aibreán 1939 Washington, D.C. ![]() |
Bás | 1 Aibreán 1998 58 bliana d'aois Los Angeles, California ![]() |
Siocair bháis | Dúnmharú (Tráma balaistíoch) |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | Marvin Gaye ![]() |
Reiligiún | Cincíseachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | William Syphax School (en) ![]() Ardscoil Spingarn Ardscoil Shóisearach Randall Cardozo Education Campus (en) ![]() ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, pianódóir, ceoltóir, amhránaí is scríbhneoir, cumadóir, léiritheoir ceirníní, cumadóir amhrán ![]() |
Tréimhse oibre | 1959 – 1984 |
Ball de | |
Seánra | Anamcheol, popcheol, ceol rithim agus gormacha agus func |
Faoi thionchar | |
Teangacha | Béarla |
Cineál gutha | Teanóir |
Uirlis | Pianó, ceol gutha, druma, cnaguirlis agus clairinéad |
Lipéad ceoil | Motown Columbia Records ![]() |
Ealaíontóirí gaolmhara | Tammi Terrell ![]() |
Teaghlach | |
Céile | Anna Gordy Gaye (1963–1977) ![]() |
Páiste | Nona Gaye, Marvin Gaye III ![]() |
Athair | Marvin Gay Sr. agus Alberta Gay |
Siblín | Frankie Gaye |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | marvingaye.net ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |

Saothar

Ceoltóirí agóide ab ea scata de na ceoltóirí ab aitheanta le céad bliain anuas, agus Marvin Gaye ina measc, mar shampla "What’s Going On?" le Marvin Gaye.[1][2][3]
Bhí Gaye ag impí orainn a bheith níos freagraí i dtaobh cúrsaí timpeallachta, mar shampla ‘Mercy Mercy Me (The Ecology)’.[4]
Dúnmharú
Maraíodh Gaye; is é a athair féin a scaoil urchair leis.[5] Chaith athair Marvin go holc lena bhean. Ar an 1 Aibreán 1984, bhí a thuistí ag argóint lena chéile agus chuir Marvin a ladar isteach. Chonaic an mháthair a mac ag fáil bháis os comhair a dá shúil.
Conspóidí
Tá úinéirí an chóipchirt den amhráin de chuid Marvin Gaye an-tugtha don dlí.
Sa bhliain 2018, fuair giúiré amach gur sháraigh an t-amhrán 'Blurred Lines', de chuid Pharrell Williams and Robin Thicke, cóipcheart an amhráin Marvin Gaye, ‘Got to Give it Up’.[6][7]
Ach ba chás cúirte eile é a bhí go mór i mbéal an phobail. Ba iad oidhrí Ed Townsend, a chomhscríobh an t-amhrán ‘Let’s Get It On’ le Marvin Gaye, a thug cás in aghaidh Sheeran go dtí an chúirt, ar dtús sa bhliain 2016, agus arís sa bhliain 2018.
Thug Ed Sheeran fianaise gur cumadh a amhrán 'Thinking Out Loud' le linn seisiún comhoibríoch scríbhneoireachta lena chomhscríbhneoir Amy Wadge. Bhí ceoleolaí an ghearánaí ag rá go raibh na cordaí “beagnach inmhalartaithe” agus an ceoleolaí a bhí ag gníomhú do Ed Sheeran ag áitiú gur úsáideadh an seicheamh cordaí céanna i roinnt amhrán eile seachas amhrán Sheeran. Bhuaigh Sheeran na cásanna, an ceann deireanach sa bhliain 2023.[8][7]
Tagairtí
- Stewart Maganga. "Marvin Gaye's 1971 'What's Going On?' remains unanswered today" (en). The Conversation. Dáta rochtana: 2021-04-01.
- Daithí De Mórdha (2016). "Mo sheasamh oraibh a chumadóirí, a fhilí agus a bhaird – éirígí chun feirge!" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-04-01.
- Marvi Gaye. "Marvin Gaye Greatest Hits Playlist - Marvin Gaye Best Songs Of All Time" (as en) (ar Youtube).
- Ben Ó Faoláin. "‘Maraíonn an saothar seo ionoirfiní’ léirmheas ar 'Edge of Everything' le Paula Temple" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2021-04-01.
- LA Times (2014-04-01). "Marvin Gaye killed by father 30 years ago today [Talkback]" (en-US). Los Angeles Times. Dáta rochtana: 2021-04-01.
- Ben Beaumont-Thomas (2018-12-13). "Robin Thicke and Pharrell Williams to pay $5m in final Blurred Lines verdict" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-05-21.
- Conradh na Gaeilge, Londain (29 Aibreán 2023). "Nuacht Mhall: (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-05-21.
- Benjamin Lee (2023-05-04). "Ed Sheeran cleared of infringing copyright in Marvin Gaye lawsuit" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-05-21.
![]() | Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |