Marie Curie
Fisiceoir agus ceimiceoir Polannach agus Francach-eadóirsithe ab ea Maria Salomea Skłodowska-Curie (7 Samhain 1867 – 4 Iúil 1934), ar a dtugtar Marie Curie, a rinne taighde ceannródaíoch ar an radaighníomhaíocht. Ba í an chéad bhean í a bhuaigh Duais Nobel, an chéad duine a bhuaigh Duais Nobel faoi dhó, agus an t-aon duine a bhuaigh Duais Nobel in dhá réimse eolaíochta. Bhí a fear céile, Pierre Curie, ina chomhbhuaiteoir ar a céad Duais Nobel, rud a fhágann gurb iad an chéad lánúin phósta riamh a bhuaigh Duais Nobel agus a sheol oidhreacht teaghlaigh Curie de chúig Dhuais Nobel. Ba í, sa bhliain 1906, an chéad bhean í a bhí ina hollamh in Ollscoil Pháras.
Rugadh í i Vársá, san áit a raibh Ríocht na Polainne ag an am, cuid d'Impireacht na Rúise. Rinne sí staidéar in Ollscoil Eitilte (Polainnis:Uniwersytet Latający) fholaitheach agus chuir sí tús lena hoiliúint eolaíoch phraiticiúil i Vársá. Sa bhliain 1891, agus í 24 bliain d'aois, lean sí a deirfiúr is sine Bronisława le staidéar a dhéanamh i bPáras, áit ar ghnóthaigh sí céimeanna níos airde agus is ann a rinne sí a cuid oibre eolaíochta ina dhiaidh sin. Sa bhliain 1895 phós sí an fisiceoir Francach Pierre Curie, agus roinn sí Duais Nobel na Fisice sa bhliain 1903 leis agus leis an bhfisiceoir Henri Becquerel as a saothar ceannródaíoch ag forbairt teoiric na 'radaighníomhaíochta' -téarma a chum sí.[1][2] Sa bhliain 1906 fuair Pierre Curie bás i dtimpiste sráide i bPáras. Bhuaigh Marie Duais Nobel na Ceimice sa bhliain 1911 as a fionnachtain ar na dúile polóiniam agus raidiam, ag baint úsáide as teicnící a chum sí chun iseatóip radaighníomhacha a aonrú. Faoina treo, rinneadh na chéad staidéir ar domhan ar chóireáil neoplasmaí trí úsáid a bhaint as iseatóip radaighníomhacha. Bhunaigh sí Institiúid Curie (Fraincís: L'institut Curie) i bPáras sa bhliain 1920, agus Institiúid Náisiúnta Taighde na hOinceolaíochta (Polainnis:Narodowy Instytut Onkologii im. Marii Skłodowskiej-Curie – Państwowy Instytut Badawczy )i Vársá sa bhliain 1932; tá an dá cheann acu fós ina mórionaid taighde leighis. Le linn an Chéad Chogadh Domhanda d'fhorbair sí aonaid radagrafaíochta soghluaiste chun seirbhísí X-gha a sholáthar d'ospidéil mahchaire.
Tagairtí
- "The Discovery of Radioactivity". “The term radioactivity was actually coined by Marie Curie […].”
- "Marie Curie and the radioactivity, The 1903 Nobel Prize in Physics". “Marie called this radiation radioactivity—"radio" means radiation.”
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |