Maolruanaidh Mór mac Taidhg

An chéad rí Magh Loirg ba ea Maolruanaidh Mór mac Taidhg, agus sinsear gach rí ina dhiaidh. Deirtear de ghnáth gur mhair sé timpeall na bliana 956.

Infotaula de personaMaolruanaidh Mór mac Taidhg
Beathaisnéis
Breith10 haois
Teaghlach
PáisteMuircheartach mac Maolruanaí Mhóir Cuir in eagar ar Wikidata
AthairTadhg mac Cathail

Tadhg mac Cathail (rí Chonnacht 925–956) ba ea a athair agus Conchúr mac Taidhg, rí Chonnacht ón mbliain 967, a dheartháir. Bhí sé in ann deichniúr ar a laghad a mhaíomh mar shinsear ina ríthe Chonnacht ón 6ú haois ar aghaidh.

Is dóigh go raibh beart éigin déanta ag Maolruanaidh, go mbeadh sé ina rí Magh Loirg, in ionad na clainne Mhic Riabhaigh a bhí ann ó dhúchas, mar chúiteamh ar aon éileamh ar ríogacht an chúige. Clann Mhaolruanaí, níos deireanaí Mhic Dhiarmada, ba ea a mhuintir. Glaodh Mhic Dhiarmada Rua ar géag níos deireanaí den chlann.

Tagairtí

Tagairtí

    Réamhtheachtaí
    as nua
    rí Magh Loirg
    956 – ???
    Comharba
    Muircheartach mac Maolruanaí Mhóir
    This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.