Maolán mac Cathmhogha
Rí Mhaigh Sheola ba ea Maolán mac Cathmhogha (Meán-Ghaeilge Maelán mac Cathmogha) (bás 848).
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 848 (Féilire Ghréagóra) |
Bunús
Is amhlaidh go raibh Maolán ar cheann desna ríthe Mhaigh Sheola (níos deireanaí Uí Bhriúin Seola) is luaite dá bhfuil fianaise ann. Ní fheictear é áfach sna ginealaigh. Is dócha ámh gur cumadh ginealach Uí Bhriúin níos deireanaí, trí Dauí mac Brióin sa 5ú haois, um stádas saorthuaithe a bhaint amach agus a gcumhacht ón tSionainn go dtí an Cuan Mó a daingniú.[1] Más fíor seo uile, is amhlaidh gur chomhghuaillithe Uí Bhriúin iad Maolán agus a shliochtaigh, Muintir Mhurchadha, ní gaolta leo.
Thart timpeall Mhaigh Sheola, bhí: Soghain Uí Mhaine thoir; Conmaícne Máenmaige agus Uí Fhiachrach Aidhne theas; Dealbhna Thír Dhá Loch thiar Conmhaicne (Réin) thuaidh.
Ruathair Lochlannach
Le linn an chéad leath den 9ú haois, thug na Lochlannaigh ruathair faoi Éirinn. Tharla roinnt acu i gcúige Chonnacht:
- AU 812.8: Ar gennte la firu h-Umhaill. Ar Conmaicne la gennti.
- AU 813.4: Ar n-Umill la gennti ubi ceciderunt Coscrach m. Flainddabrat & Dunadhach rex h-Umill.
- ACM 835.10: Cluain Mhór M' Aedhocc do losccadh oidhche Nodlacc la Gallaibh, ... Crioch Connacht uile do diothláithriughadh (díláithriú) leó mar an c-cédna
- ACM 837.13: Sraoinedh[2] ria n-geintibh for Connachtaibh, in ro marbhadh Maol Dúin, mac Muirghesa, mic Tomaltaigh, co sochaidhibh amaille fris.
- ACM 843.13: Slóighedh[3] la Tuirgheis, tigherna Gall for Loch Ribh, co ro airccseat[4] Connachta & Midhe, & ro loiscseat Cluain Mic Nóis cona derthaighibh,[5] & Cluain Fearta Brénainn, Tir Dá Ghlas, Lothra & cealla iomdha archena.
- ACM 844.12: Sraoineadh for Connachtaibh ria n-Gallaibh, in ro marbhadh Riagán, mac Feargusa, & Mughron, mac Diarmada, & Aodh mac Catharnaigh, co sochaidhe oile.
- ACM 847.17:
- Muirfhecht secht fichit long do mhuinntir rí Gall do thocht do thabhairt ghrema forsna Galla ro bhádar ar a c-cinn i n-Erinn, gur mhesg-bhuaidhirset Ere etorra.
- Loingeas seacht bhfichid do mhuintir rí Gall do theacht do thabhairt greamanna ar na Gaill a bhí in Éirinn rompu, gur measc-bhuaireadar Éire eatarthu.
Agus sa deireadh:
- ACM 848.8: Maelán, mac Cathmogha, tigherna Ua m-Briuin Deisceirt Connacht [go mí-aimseartha], do mharbhadh la Gallaibh.
Foinsí
- Annála Uladh
- Annála na gCeithre Máistrí
- Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh, West or H-Iar Connaught 1684 (foilsithe 1846, eag. James Hardiman).
- Anthony Matthews, Origin of the Surname O'Flaherty, Baile Átha Cliath, 1968, lch. 40.
- Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, (2001), Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Dan McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.
Naisc sheachtracha
Tagairtí
- F. J. Byrne, Irish Kings and High Kings
- sraonadh, maidhm, ruaig; ria == ag, for = ar
- slógad, slúagad, sluaíocht
- LeD
- dairthech, dairtheach, aireagal
Réamhtheachtaí Donn mac Cumascaigh? |
Ríthe Mhaigh Sheola ?–848 |
Comharba Murchadh mac Maonaigh |