Mairéad Ní Mhaonaigh
Is amhránaí agus fidléir í Mairéad Ní Mhaonaigh (a rugadh sa bhliain 1962) as Gaoth Dobhair, Dún na nGall, Éire. Tá clú agus cáil ar Mhairéad mar cheoltóir aonair agus mar bhall ar an grúpa Altan.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 26 Iúil 1959 64 bliana d'aois Gaoth Dobhair (Éire) |
Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | veidhleadóir, amhránaí, fidléir |
Tréimhse oibre | 1981 – |
Ball de | |
Seánra | Ceol traidisiúnta na hÉireann |
Teangacha | An Ghaeilge |
Uirlis | Veidhlín, fidil agus ceol gutha |
Lipéad ceoil | Gael-Linn Records |
Teaghlach | |
Céile | Frankie Kennedy (1981–1994), bás a c(h)éile |
Athair | Proinsias Ó Maonaigh |
Suíomh gréasáin | mairead.ie |
Beathaisnéis
Tógadh í féin, a deartháir Gearóid agus a deirfiúr Anna i gCois Claidí i nGaoth Dobhair, agus d'fhreastail sí ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair.
D'fhoghlaim sí a cuid amhrán agus ceoil óna hathair Proinsias (Francie) Ó Maonaigh agus a máthair Cití Ní Ghallchóir. Múinteoir agus príomhoide bunscoile ba ea a hathair i scoil an Luinnigh. Bhí cáil air mar fhidléir agus mar dhrámadóir (scríobh sé geamaireachtaí d'Amharclann Ghaoth Dobhair ar feadh na mblianta) agus mar chumadóir an amhráin 'Gleantán Glas Ghaoth Dobhair.[1]
D'fhoghlaim Mairéad an ceol óna hathair agus ón fhidléir cáiliúil Dinny McLaughlinn (a raibh an grúpa traidisiúnta Aileach aige).
Casadh an ceoltóir Frankie Kennedy uirthi nuair a bhí sí cúig bliana déag d'aois agus chuaigh siad beirt le bunmhúinteoireacht i mBaile Átha Cliath. Chaith siad cúpla bliain ag seinm le chéile agus phós siad sa bhliain 1981.
Tar éis tamall de bhlianta d'éirigh siad as an mhúinteoireacht agus thosaigh ag seinm go lánaimseartha lena ngrúpa Altan. Fuair Frankie bás go hóg sa bhliain 1994. Ach lean Mairéad agus an grúpa ar aghaidh agus bhain cáil agus gradam idirnáisiúnta amach.
Sa bhliain 2008, tháinig Imeall amach, a céad albam aonarach.
Tá iníon ag Mairéad, Nia Byrne, fidléir agus amhránaí den scoth chomh maith.[1]
Dioscliosta
Le Frankie Kennedy
- Ceol Aduaidh (1983)
- Altan (1987)
Altan
- The Red Crow (1990)
- Harvest Storm (1991)
- Island Angel (1993)
- Once Again 1987- 93 (1993)
- The First Ten Years (1986-1995) (1995)
- Blackwater (1996)
- Best Of Altan (1997)
- Runaway Sunday (1997)
- Altan's Finest (1999)
- Another Sky (2000)
- The Blue Idol (2002)
- Local Ground (2005)
String Sisters
- String Sisters Live (2007)
- String Sisters Live DVD (2007)
Aoi-Cheoltóir
- Fiddle Sticks (1991 - ceoltóirí éagsúla)
- The Holy Ground (1993 - Mary Black)
- Little Sparrow (2001 - Dolly Parton)
- Volume Three: Further In Time (2001 - Afro Celt Sound System)
- Tráthnóna Beag Aréir (2008 - Albert Fry)
Féach freisin
Naisc sheachtracha
Tagairtí
- "FÉACH: Mairéad Ní Mhaonaigh agus a hiníon, Nia ar Chuan an Cheoil" (as ga) (2022-02-03).