Maínis
Is oileán é Maínis[1] (nó Muighinis go traidisiúnta) amach ó chósta Chonamara i gcroílár na Gaeltachta. Tá an t-oileán gar do Charna agus ceanglaíonn droichead an t-oileán leis an mórthír. Tá Maínis suntasach mar gheall ar áilleacht na háite agus láidreacht chultúr na nGael. Tá thart ar 150 duine ag maireachtáil ar an oileán agus labhraítear an Ghaeilge ann. I ndaonáireamh 2016, dúirt 93.6% de dhaonra Mhaínse go raibh Gaeilge acu agus dúirt 79.4% den daonra go labhraíonn siad Gaeilge gach uile lá.
|
|
|
Maínis | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae na Gaillimhe | |||
Tíreolaíocht | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An tAigéan Atlantach | |||
Logainm.ie | 18277 |
Tagairtí
- “Maínis/Mweenish Island | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.