Múnlach

Ábhar fuíll, fearadh daonna go háirithe, a iompraítear chun siúil ó thithe trí sheolphíopaí ar leith (fuálaithe). Tháinig úsáid córas uisce-iompartha chun múnlach a chur de láimh chun cinn go mór sna 1870idí, na fuálaithe ceangailte go díreach leis an bhfarraige trí shruth éalaithe (abhainn mar shampla), nó le feirm múnlaigh. Sa bhfeirm múnlaigh bíonn leapacha gainimh chun scannán geilitíneach baictéar a iompar, rud a fheidhmíonn mar scagaire chun na solaid a bhaint amach as an múnlach. Úsáidtear cóireálacha deasctha eile chun ábhair thuaslagtha a bhaint amach chun an t-eisilteach deiridh a bheith ina uisce glan inólta.[1]

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Múnlach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 473.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.