Zó-eolaíocht
Is í an Zó-eolaíocht (nó an mhíoleolaíocht) (ón Ghréigis: ζῴον, zoion, "ainmhí"; agus λόγος, logos, "eolas") an brainse den bhitheolaíocht ina ndéantar staidéar ar bheatha ainmhithe. Rangaítear na hainmhithe ó aimsir Arastatail de réir cosúlachtaí seachtracha is timpeallachta. Chuir Linnaeus go mór leis an rangú, ionas go n-ainmítear gach ainmhí (is planda) le dhá ainm Laidineacha, ceann don ghné is ceann don speiceas. Leath réimse na míoleolaíochta go mór le cur i bhfeidhm modhanna oibre is tuiscintí as sutheolaíocht, fiseolaíocht, cíteolaíocht, bithcheimic, géineolaíocht is éiceolaíocht. Ba mhór an chabhair modhanna turgnamhacha nua freisin, agus forbairtí in ionstraimí de shaghas micreascóp leictreonach.[1]
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Míoleolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 461.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.