Mícheál Ó Cléirigh
Staraí agus príomhúdar Annála na gCeithre Máistrí ab ea Mícheál Ó Cléirigh (t. 1590 – 1643).[1] Scríobh sé na hAnnála in éineacht le Lughaidh Ó Cléirigh, Fearghas Ó Maolchonaire agus Lughaidh Ó Duibhgeannáin. Duine den teaghlach clúiteach staraithe ó Chill Bhairdne i dTír Chonaill. Tadhg an t-ainm a baistíodh air, agus tugadh Tadhg an tSléibhe go coitianta air, nó gur thóg sé an t-ainm Mícheál nuair a chuaigh sé sna Bráithre Proinsiasacha i gColáiste Naomh Antaine i Lobháin.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1590 |
Bás | 1643 52/53 bliana d'aois Lováin |
Gníomhaíocht | |
Gairm | staraí |
Tréimhse ama | Glúin an 17ú aois agus glúin an 16ú aois |
Teangacha | An Ghaeilge |
Faoi stiúir an ghairdiain, Aodh Buí Mac an Bhaird (1580-1635), cuireadh go hÉirinn ag bailiú seanchais ó lámhscríbhinní é, agus le cúnamh óna chomhleacaithe, Cú Choigcríche Ó Cléirigh, Fearfeasa Ó Maolchonaire, Lughaidh Ó Duibhgeannáin, chuir sé i dtoll a chéile An Reim Rioghroidhe i 1630, An Leabhar Gabhála i 1631, agus an t-ollsaothar ar a tugadh Annála na gCeithre Máistrí (1636). D’oibrigh sé freisin ar an naomhsheanchas agus ar fhoclóir a foilsíodh i 1643. Cailleadh i Lobháin é c.1643
Déantar léiriú ficseanúil ar Mhícheál Ó Cléirigh i Lobháin san úrscéal An Cléireach (Leabhar Breac 2007) le Darach Ó Scolaí.
Tagairtí
- Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó CLÉIRIGH, Michél (c.1592–1643) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |