Máire Nic Dhonnchadha
Amhránaí ar an sean-nós as an gCaorán Mór ar an gCeathrú Rua ab ea Máire Nic Dhonnchadha (a d'éag ar an 1 Nollaig 2020). Bhí bua an cheoil ar an dá thaobh aici, ach is ó mháthair a hathar a fuair Máire go leor amhrán nuair a bhí sí óg.[1] Chuaigh sí go dtí an tOireachtas den chéad uair in 1962, agus bhuaigh sí príomhchomórtas amhránaíochta an Oireachtais (ar a dtugtar Corn Uí Riada anois) sa bhliain 1964.[1] Ina dhiaidh sin, thug sí duais speisialta don Oireachtas — Corn Mháire Nic Dhonnchadha — a bhronntar ar dhaoine nár bhuaigh aon duais amhránaíochta ag an Oireachtas cheana. Thaifead sí amhráin le Gael Linn, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, agus RTÉ.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | An Caorán Mór, Éire ![]() |
Bás | 1 Nollaig 2020 Ospidéal Thamhlachta, Éire ![]() |
Áit adhlactha | Reilig Bharr an Doire ![]() |
Áit chónaithe | Cluain Dolcáin |
Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí ![]() |
Teangacha | An Ghaeilge |
Tagairtí
- Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.