Máine Mór
Bunaitheoir ríocht Uí Mhaine ba ea Máine Mór mac Eochadha (beo 4ú haois).
Teaghlach | |
---|---|
Páiste | Breasal mac Maine Mhóir |
Beatha
De shliocht Colla dá Chríoch as Oirialla ba ea Máine Mór. I dteannta lena athair, Eochaidh Ferdaghiall agus a bheirt mac Breasal agus Amhlaibh, chuaigh sé chuig cúige Chonnacht ag lorg tailte nua. Rinne siad ruathar ar an rí áitiúil, Cian d'Fhearaibh Bolg, rí na bhFear Bolg (féach Soghain agus Senchineoil agus miondreamanna eile). Le cuidiú ó Naomh Greallan, chloígh siad a naimhde agus lonnaigh siad sna tailte. D'éirigh Greallan ina naomhphátrún Uí Mhaine.
Bhí Máine Mór i gcoróin le cúig bliain. Is sinsear é desna clanna a leanas: Uí Lallaigh, Uí Mhadadháin, Uí Cheallaigh, Uí Fhallamháin, Uí Neachtain, Mhic Thréanfhir, i measc eile.
Tháinig a mhac Breasal i gcomharbacht air, agus bhí seisean i réim le tríocha bliain.
Sliochtaigh suntasacha
- Tadhg Mór Ó Ceallaigh (bás 1014), an chéad a ghlac an sloinne úd
- Madadhán Reamhar Ua Madadháin, tiarna Shíol Anmchadha, 1069-1096
- Giolla Fionn mac Mhic Uallacháin, tiarna Sbíol Anmchadha, 1096-1101
- Seán Ó Maolalaidh (beo 1419–1480), Ceann na Fine
- Feardorcha Ó Cellaigh, 68ú agus rí deireanach Uí Mhaine, 43ú Ceann na Fine, beo 1584-tar éis 1611
- Samuel Madden (1686-1765), údar
- Thomas Arthur, comte de Lally, baron de Tollendal (Eanáir 1702 – 1766), ginearál Francach
- Thomas J. Kelly (bás 1908), réabhlóideach Éireannach agus saighdiúir Meiriceánach
- Arthur Colahan (bás 1952), cumadóir an amhráin "Galway Bay"
- Mian Kelly, model, 1898-1973
- Albert Naughton (beo 1953), imreoir rugbaí sa Bhreatain.
Féach freisin
- Ríthe Uí Mhaine, c.450 - tar éis 1611
Foinsí
- Uí Maine le Denis Walsh
- Annála Uladh ar CELT: Corpus of Electronic Texts
- Annála Tiarnaigh ar CELT: Corpus of Electronic Texts
- Sioncronachtaí Mhic Cárthaigh Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, Coláiste na Tríonóide.
- Irish Kings and High-Kings, Francis John Byrne, Dublin (1971;2003) Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- History of the O'Maddens of Hy-Many, Gerard Madden, 2004. ISBN 0-9529511-7-7.
- The Life, Legends and Legacy of Saint Kerrill: A Fifth-Century East Galway Evangelist, Joseph Mannion, 2004. ISBN 0-9547698-1-3
- The Tribes and Customs of Hy-Many ar CELT: Corpus of Electronic Texts