Luke 'Ming' Flanagan
Is polaiteoir Éireannach agus Feisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE) ó 2014 é Luke 'Ming' Flanagan.
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 22 Eanáir 1972 51 bliana d'aois Ros Comáin, Éire ![]() |
![]() | |
Ina hionadaí do: polaiteoir neamhspleách 2 Iúil 2019 – Téarma parlaiminte: Naoú Parlaimint na hEorpa Toghcheantar: Iarthuaisceart-Lár na Tíre Toghadh i: toghchán Pharlaimint na hEorpa 2019 | |
![]() | |
Ina hionadaí do: polaiteoir neamhspleách 1 Iúil 2014 – 30 Meitheamh 2019 Téarma parlaiminte: Ochtú Parlaimint na hEorpa Toghcheantar: Iarthuaisceart-Lár na Tíre Toghadh i: toghchán Pharlaimint na hEorpa 2014 | |
![]() | |
9 Márta 2011 – 26 Bealtaine 2014 Téarma parlaiminte: 31ú Dáil Toghcheantar: Ros Comáin–Liatroim Theas Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann 2011 ![]() | |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Strasbourg An Bhruiséil ![]() |
Gairm | polaiteoir ![]() |
Ball de pháirtí polaitíochta | luach ar iarraidh ![]() |
Teangacha | Béarla |
Suíomh gréasáin | lukemingflanagan.ie ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Is as an Caisleán Riabhach i gContae Ros Comáin é.
Bhí sé ina Theachta Dála neamhspleách idir 2011 agus 2014 sular toghadh é mar Fheisire Eorpach. Is Iarchomhairleoir agus Méara de chuid Comhairle Ros Comáin é freisin. Bhain sé cáil amach ar dtús le linn na 1990idí lena chuid iarrachtaí an druga cannabas a dhéanamh dleathach in Éirinn. Tugtar an leasainm Ming air mar gheall ar chosúlacht a bhíodh idir é is carachtar darbh ainm Ming the Merciless sa chartún Flash Gordon.
Pointí Pionóis
Mí Márta sa bhliain 2013 tharraing sé cáineadh géar tar éis gur tháinig sé chun solais gur glanadh pointí pionóis óna cheadúnas tiomána. Baineadh 4 cinn san iomlán, as dhá eachtra éagsúla, óna cheadúnas, péire acu nuair a d'úsáid sé dlí a thugann cosaint dóibh siúd atá ag obair ar son na Dála, agus péire eile a ndúirt sé gur chinntigh duine ó chomhairle Ros Comáin a mbaint. Tharla seo tar éis go ndúirt sé sa Dáil nár baineadh aon phointí uaidh is tar éis dó camastaíl ar an gcaoi seo a cháineadh.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |