Ludwig Mühlhausen
Scoláire Gearmánach sa léann Ceilteach a bhí i Ludwig Mühlhausen.[1] Rugadh é ar 10 Nollaig 1888 in Kassel na Gearmáine. Bhí dochtúireacht aige ó Ollscoil Leipzig agus bhunaigh sé Roinn an Léinn Cheiltigh i 1928 in Ollscoil Hamburg. Sa bhliain 1937 thug sé cuairteanna ar Ghaeltachtaí éagsúla ar nós an Blascaod, Corr na Móna agus Teileann agus é ag feabhsú a chuid Gaeilge labhartha agus ag bailiú béaloidis. Bhí sé báúil le gluaiseachtaí na heite deise sa Ghearmáin tar éis an Chéad Chogadh Domhanda. Ba bhall den pháirtí Naitsíoch é ón bhliain 1932. Le linn na 1930í rinne sé dul chun cinn sa saol acadúil tar éis do roinnt ollúna Giúdacha a bheith briste amach as a bpostanna mar gheall ar a reiligiún. Bhí sé ina bhall den SA (Sturmabteilung - grúpa míleata an pháirtí Naitsí) agus den SS (Schutz-Staffel - póilíní speisialta). Ag tús an chogaidh chuaigh sé i mbun craolacháin as Gaeilge le bolscaireacht ar son na Naitsithe le cainteanna gach seachtain ar an stáisiún raidió Irland-Redaktion. Níos déanaí le linn an chogaidh chaith se seal mar oifigeach in arm na Gearmáine sa Bhriotáin. Ghabh an t-arm Meiriceánach é ag deireadh an chogaidh san Ostair i 1945 agus chaith sé trí bliana i gcampaí géibhinn, áit a theip ar a shláinte. Scríobh sé litir chuig De Valera ag iarraidh cabhrach ach ní bhfuair sé freagra. Fuair sé bás ar 15 Aibreán 1956.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1888 Kassel, An Ghearmáin |
Bás | 1956 67/68 bliana d'aois Ulm, An Ghearmáin |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Leipzig |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Teangeolaíocht |
Gairm | teangeolaí |
Fostóir | Ollscoil Humboldt Bheirlín Ollscoil Hamburg |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí na Naitsithe Páirtí Náisiúnta an Phobail Ghearmánaigh |
Ball de | |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Rinneadh clár faisnéise faoi, Nazi sa Ghaeltacht, do BBC Gaeilge sa bhliain 2020 agus a craoladh ar an 26ú Iúil ar BBC agus i Meitheamh 2022 ar TG4. Bhí sé léirithe ag Macha Media agus curtha i láthair ag an iriseoir iniúchta Kevin Magee.
Tagairtí
- Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “MÜHLHAUSEN, Ludwig (1888–1956) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.