Luíochán Loch gCál
Tharla luíochán Loch gCál, Contae Ard Mhacha, ar 8 Bealtaine 1987, inar mharaigh SAS na Breataine ochtar ball den IRA[1], chomh maith le sibhialtach amháin a thiomáin isteach san eachtra ar a bhealach óna chuid oibre, i gcomhluadar duine eile a gortaíodh go dona.[2]
| ||||
| ||||
Cuid de | Na Trioblóidí ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 8 Bealtaine 1987 ![]() | |||
Ba é seo an líon ba mhó óglaigh a chaill an tIRA in aon oibríocht mhíleata amháin le linn na coimhlinte idir 1969 agus 1998.
Bhí cúrsaí slándála thar a bheith leochaileach ag am. Agus ag an am céanna, bhí feachtas toghchánaíochta ar bun sa Bhreatain agus sa Tuaisceart.[3]

An Chúirt Eorpach um Chearta an Duine
Ar 4 Bealtaine 2001, rialaigh[4] an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine gur tharla sárú ar chearta daonna.
Tagairtí
- "06 Stand Up / Seas An Fód" (en). Gerard 'Mo Chara' Kelly (2018-11-12). Dáta rochtana: 2020-05-04.
- iriseoghanaigh (2017-05-05). "Ag Cuimhneamh" (ga). Iris Eoghanaigh. Dáta rochtana: 2020-05-04.
- Breandán Delap. "Ceist na teanga ina cnámh spairne" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-05-04.
- "KELLY AND OTHERS v. THE UNITED KINGDOM - 30054/96 [2001 ECHR 328 (4 May 2001)]". www.bailii.org. Dáta rochtana: 2020-05-04.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.