Luíochán Chill Mhichíl
Ba é Luíochán Chill Mhichíl ar 28 Samhain 1920 i gContae Corcaigh an luíochán ba mhó le linn Chogadh na Saoirse. Maraíodh seisear ball déag [1] de Rannán Póilíní Cúnta (an RIC, Auxiliaries nó Dúchrónaigh) gar do Chill Mhichíl, idir Dún Mánmhaí agus Maigh Chromtha.
Luíochán Chill Mhichíl | |||
Cogadh na Saoirse (Éire) | |||
Leac cuimhneacháin | |||
---|---|---|---|
Dáta: | 28 Samhain, 1920 | ||
Áit: | Cill Mhichíl, Contae Chorcaí, Éire | ||
Toradh: | Bua Éireannach | ||
Céilí comhraic | |||
| |||
Ceannasaithe | |||
| |||
| |||
Taismigh | |||
|
Cúlra
Ar an 21 Samhain tharla sléacht Dhomhnach na Fola i mBaile Átha Cliath (21 Samhain), agus seachtain ina dhiaidh sin, luíochán Chill Mhichíl.
An luíochán
Óglaigh de chuid Airm Phoblacht na hÉireann, faoi stiúir Tom Barry, a bhí freagach as. Rinne an colún reatha de Bhriogáid Chorcaí Thiar luíochán agus mharaigh siad seachtar Póilíní Cúnta déag den ochtar déag, a bhí faoi cheannas Chigire Ceantair an RIC Francis Crake.[2]
D’áitigh Tom Barry go diongbháilte gur lig na Póilíní Cúnta orthu go raibh siad ag géilleadh ag pointe amháin sa chomhrac, sular thosaigh siad ag troid arís. De thoradh na calaoise sin, d’áitigh Barry, maraíodh beirt dá fhir a tháinig amach as an áit ina raibh siad i bhfolach.[2]
Mar gheall ar an bhfeillbheart sin, shocraigh sé gan príosúnaigh ar bith a ghlacadh. Mhaígh lucht cáinte Barry gur chum sé an scéal faoin ngéilleadh bréagach chun bonn cirt a thabhairt le sléacht réamhbheartaithe.
Cibé rud a tharla sa cheo cogaidh, rinneadh bearta díoltais go luath ina dhiaidh sin.[2]
Iarmhairt
Ba léir go raibh feachtas míleata na Óglach chun dul i dtreise. Thit buille an díoltais gan mhoill:[3] cuireadh contaetha Chorcaí, Thiobraid Árann, Chiarraí agus Luimnigh faoi dhlí míleata. Ar an 11/12 Nollaig, creachadh agus loscadh lár chathair Chorcaí. Níor léir fonn ar bith a bheith ar cheachtar den dá thaobh céim ar gcúl a thabhairt.[3]
Tar éis na n-eachtraí seo, níorbh fhéidir an chogaíocht a shainmhíniú níos mó go simplí mar bheart de chuid na bpóilíní. Coinbhleacht mhíleata a bhí inti.[2]
Tagairtí
- agus cuireadh fear eile chun báis tamaillín níos déanaí
- UCC.ie (2018). "Atlas of the Irish Revolution (AONAD 7: Leabhar Tionscadail na hIdirbhliana: COGADH NA SAOIRSE)". Dáta rochtana: 2021.
- Gearóid Ó Tuathaigh (1920). "SRAITH NUA: Éire 1920 – ‘an cath dá riar’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-11-28.