Louis Pasteur
Ceimiceoir agus micribhitheolaí Francach ab ea Louis Pasteur a tháinig chun saoil i nDole (i sléibhte Jura i bhFranche-Comté, Oirthear na Fraince) ar an 27 Nollaig 1822 agus a fuair bás i Marnes-la-Coquette taobh thiar de Pháras ar an 28 Meán Fómhair 1895. Tá clú agus cáil air as an obair a rinne sé leis na galair a chosc. D'fhionn sé feidhmeanna na miocrorgánach óna thaighde ar cén fáth a lobhann bainne, cáis, iógart, beoir, is fíon. Thaispeáin sé go dtarlaíonn an lobhadh seo i bhfoirm coipthe nuair a théann miocrorgánaigh isteach sna bianna seo ón aer, nuair a mhéadaíonn siad go han-tapa, agus nuair a tháirgeann siad fuíll áirithe. Thaispeáin sé freisin nach dtarlóidh an lobhadh má choimeádtar na miocrorgánaigh amach as na bianna nó má mhilltear iad le teas (próiseas ar a dtugtar paistéaradh anois).
D'fhionn sé gur féidir cosc a chur ar ghalar a tharlaíonn de bharr frídíní le vacsaín, dáileog bheag den fhrídín féin a chuireann tús le méadú ar imdhíonacht nádúrtha na colainne i gcoinne an ghalair. Ba chéim iontach ar aghaidh í i gcúrsaí míochaine fionnachtain Pasteur gur orgánaigh bhídeacha, infheicthe ar éigin le micreascóp, ba chúis le galair thógálacha. Ba eisean a d'fhorbair an vacsaín in aghaidh an chonfaidh.
Féachtar air mar cheann de thrí phríomhbhunaitheoir na micribhitheolaíochta, mar aon le Ferdinand Cohn agus Robert Koch. D'fhionn sé chomh maith go leor eolais i réimse na ceimice, go háirithe an bunús móilíneach don neamhshiméadracht i gcriostail áirithe.
Luíonn a chorp in Institiúid Pasteur i bPáras i gcruinneachán iontach.[1]
Tagairtí
- "VM/SAC, Veterinary medicine & small ... - Google Books". Books.google.com.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |