Lordi
Banna ceoil as an bhFionlainn is ea Lordi. B'é Mr. Lordi, a bhunaigh an banna i Rovaniemi sa bhliain 1992. Is iad na cultacha arrachtaigh a chaitheann ceoltóirí an bhanna ba thúisce a tharraing súil an tsaoil mhóir orthu. B'é Kiss, an banna cáiliúil d'"arrachtaigh", a thug an smaoineamh do Phutaansuu a leithéid de chuma a chur ar na ceoltóirí, nó bhí sé ina bhall gníomhach de chlub lucht adhartha Kiss, nuair a bhí sé óg. Bhuaigh Lordi Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse (Eurovision) ar 18 Bealtaine, 2006 san Aithin, An Ghréig leis an amhrán Hard Rock Hallelujah. Níor ghnóthaigh aon cheoltóir ón bhFionlainn an comórtas sin riamh roimh Lordi.
Gníomhaíocht | |
---|---|
Tréimhse oibre | 1992 – |
Seánra | Rac-cheol crua, ceol trom-mhiotalach agus shock rock (en) |
Lipéad ceoil | Sony Music The End Records Drakkar Entertainment GUN Records AFM Records Bertelsmann Music Group |
Ghlac sé/sí páirt i | |
18 Bealtaine 2006 | Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2006 |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | lordi.fi |
Níl san ainm féin "Lordi", go bunúsach, ach an focal Béarla "lord" agus an t-i curtha leis chun an focal a chur in oiriúint do chóras gramadaí na Fionlainnise. Ní úsáidtear an focal san Fhionlainnis chaighdeánach ach amháin le tagairt a dhéanamh do "thiarnaí" na huasalaicme Sasanaí.
Saothar
Albaim
Bliain | Albam | An Áit Is Fearr A Ghnóthaigh Sé | ||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
An Ríocht Aontaithe | An Fhionlainn | An Ghearmáin | An Ostair | An Bheilg | An Danmhairg | An Eastóin | An Fhrainc | An Ghréig | An Iorua | An Pholainn | An tSualainn | An Eilvéis | ||
2002 | Get Heavy | – | 3 | – | – | – | – | – | – | – | – | – | – | – |
2004 | The Monsterican Dream | – | 4 | 70 | – | – | – | – | – | – | – | – | – | – |
2006 | The Arockalypse | 100 | 1 | 7 | 11 | 13 | 16 | 4 | 98 | 1 | 21 | 29 | 1 | 8 |
2008 | Deadache | – | 5 | 33 | 51 | – | – | – | 168 | – | 39 | 35 | 42 | 73 |
2010 | Babez for Breakfast | – | 9 | 66 | 71 | – | – | – | 113 | 26 | – | – | – | – |
2013 | To Beast Or Not To Beast | – | – | – | – | – | – | – | – | – | – | – | – | – |
2014 | Scare Force One | – | – | – | – | – | – | – | – | – | – | – | – | – |
2016 | Monstereophonic (Theaterror vs. Demonarchy) | – | 10 | – | – | – | – | – | – | – | – | – | – | 83 |
2018 | Sexorcism | – | – | – | – | – | – | – | – | – | – | – | – | – |
2020 | Killection | – | – | – | – | – | – | – | – | – | – | – | – | – |
2021 | Lordiversity |
Scannáin
- The Kin (2004)
- Dark Floors (2008)
Tagairtí
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |