Lily Allen
Is aisteoir Sasanach í Lily Rose Beatrice Cooper (née Allen, a rugadh ar 2 Bealtaine 1985) nó Lily Allen. Is iníon le Keith Allen agus léiritheoir scannán Alison Owen í. D'fhág Allen scoil nuair a bhí sí 15 chun díriú ar fheabhsú a cuid scileanna ceoil agus cumadóireachta. In 2005, chuir sí taifeadtaí dá cuid suas go poiblí ar MySpace agus mar gheall ar an bpoiblíocht a tháinig as sin, craoladh a hamhráin ar BBC Radio 1 agus fuair sí conradh le Regal Recordings.
In 2009, d'fhógair Allen go mbeadh sí ag tógáil briseadh ó ghníomhaíochtaí ceoil. D'oscail sí siopa faisin in 2010 lena deirfiúr, Sarah, darb ainm Lucy in Disguise, agus in 2011 thosaigh sí a lipéad ceoil féin darb ainm In the Name Of.
Luathshaol
Rugadh Allen i Hammersmith, Iarthar Londan. Tá deirfiúr níos sine aici, Sarah; deartháir níos óige, Alfie Allen, (ábhar a hamhráin Alfie) agus deirfiúr níos óige, Rebecca. Tá cúpla leathshiblíní aici chomh maith. Is iníon bhaistí Angela McCluskey, amhránaí na Wild Colonials, í.
Ag aois a trí, bhí Allen ar eipeasóid de The Comic Strip Presents... a chomhscríobh a hathair. Nuair a raibh Allen ceithre bliana d'aois, d'fhág a hathair an chlann. I rith a hóige, bhí cónaí ar Allen lena clann ar eastát chomhairle. Shocraigh siad níos déanaí i gceantar i Tuaisceart Londan darb ainm Islington. Ar feadh tamaillín chónaigh a clann leis an bhfear grinn Harry Enfield nuair a bhí a máthair ag siúl amach leis. Bhí amhránaí agus giotáraí an Clash, Joe Strummer, cairdiúil le hAllen. Tá cuimhneachán maith ag Allen ar an tseachtain go leith a chaith siad le chéile ag Féile Glastonbury.
Camchuairteanna
- Still, Alright? (2007)
- It's Not Me, It's You World Tour (2009–10)
- Sheezus Tour (2014)
Scannánliosta
Blian | Teideal | Ról | Nótaí |
---|---|---|---|
1998 | The Comic Strip Presents... | Páiste i fógra | "The Yob" (Séasúr 4, Epeasóid 4) |
1998 | Elizabeth | Bhean i Feitheamh | |
2007 | Saturday Night Live | Aoi Ceolmhara (Í Féín) | "Drew Barrymore/Lily Allen" (Séasúr 32, Epeasóid 12) |
2008 | Lily Allen and Friends | Óstach (Í Féín) | Clár Cainte |
2009 | Neighbours | Í Féín | Aoi Réalta, sobalchlár (Epeasóid amháin) |
2011 | Lily Allen: From Riches to Rags | Í Féin | Cláir Faisnéise Teilifíse |
Tagairtí
Naisc sheachtracha
- lilyallenmusic.com
- Lily Allen ar IMDb
- Wilson, Beth. Smile: The Story of Lily Allen. Omnibus Press, 2010. ISBN 978-1-84938-061-4