Liam Tuire
Agaistíneach ab ea Liam Tuire (William Tirry) a bhí gníomhach i gContae Tiobraid Árainn in aimsir Chromail.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1609 |
Bás | 12 Bealtaine 1654 44/45 bliana d'aois |
Siocair bháis | Pionós an bháis (Crochadh) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | sagart Caitliceach |
Ord crábhaidh | Agaistínigh |
Ardú | |
Le linn na Péinndlíthe, ní raibh an ord in ann feidhmiú go hoscailte in Éirinn agus fuair bráithre áirithe bás san ghéarleanúint, ina measc Liam Tuire Beannaithe. Cuireadh chun báis é i gCluain Meala sa bhliain 1654.
Beannaithe
Sa bhliain 1992, d'ainmnigh an Pápa Eoin Pól II Tuire i measc grúpa mairtírigh Éireannacha; tugadh an teideal 'beannaithe' orthu.
Tagairtí
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.