Leitir Mealláin
Oileán beag is ea Leitir Mealláin[1] ar chósta thiar na hÉireann i gConamara, Contae na Gaillimhe. Tá an t-oileán suite sa Ghaeltacht timpeall 36 míle ó chathair na Gaillimhe i Loch Lurgan agus thart ar 14 míle ón gCeathrú Rua. Ceann de thrí oileán is ea Leitir Mealláin i nGarmna, agus tá na hoileáin eile, Tír an Fhia agus Leitir Móir, suite ar an taobh thoir de.
_-_geograph.org.uk_-_1249246.jpg.webp)
| ||||
Cineál | Oileán agus An Ghaeltacht ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Logainm.ie | 1413598 ![]() | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Contae na Gaillimhe, Éire ![]() | |||
| ||||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 1 m ![]() | |||
Ciallaíonn Leitir 'taobh cnoic'. Bhí Leitir Mealláin i seilbh Loingsigh Bhearna tráth. Ghlac na Comerford seilbh ar an áit thart ar an mbliain 1840. Bhí thart ar 1700 acra agus 77 teach ar an oileán ag an am.
_post_office_-_geograph.org.uk_-_1249238.jpg.webp)
Tá Leitir Mealláin suite i gcróilár Ghaeltacht Chonamar agus tá an Ghaeilge fós mar theanga an phobail ann. I ndaonáireamh 2016 dúirt 93.8% de mhuintir an oileáin go raibh Gaeilge acu agus dúirt 85.3% den ndaonra go labhraíonn siad Gaeilge chuile lá.
Féach freisin
Tagairtí
- "Leitir Mealláin/Lettermullan Island | logainm.ie". Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Aisghafa 2023-06-22.