Leithreas
Is seomra agus gaireas ina scaoileann daoine fual agus cac é an leithreas (nó ionlann). Is gaireas é ar nós suíochán le poll mór os chionn umar agus méid áirithe uisce san umar. Suíonn daoine ar an suíochán seo agus ligeann siad amach as a gcoirp an t-ábhar bréan. Brúitear cnaipe agus sruthlaítear uisce isteach san umar. Iompraíonn an t-uisce an cac agus an fual as an umar.
![](../I/Une_toilette_ouverte.jpg.webp)
![](../I/JapaneseSquatToilet.jpg.webp)
De bharr gur féidir le fir múnadh gan dua ag seasamh, tá ionlann faoi leith ann dóibh arbh ainm fualán. Níl suíochán ar sin.
Nósanna
I dtíortha áirithe amhail an tSeapáin, ní shuíonn daoine ar an leithreas; bíonn siad ag gogaireacht. Cinntíonn sé seo nach mbíonn a dtóineanna i dtadhaill leis an suíochán féin. Mar gheall go mbíonn daoine leo féin sa leithreas, is breá leo bromanna a scaoileadh fad is atá siad ann.
Bochtú
Tarlaíonn galair (dinnireacht, fiabhras tíofóideach, mar shampla) nuair a bhíonn caighdeáin na sláintíochta go dona.
Ceiliúrtar Lá Domhanda na Leithreas ar an 19 Samhain.