Leipreachán

Gréasaí sí is ea an leipreachán. Is iomaí leagan malartach de ‘leipreachán’ a thugtar i bhFoclóir Uí Dhomhnaill: ‘lucharachán,lucharbán, luchargán, lucharpán, luchramán, luipreachán’ agus araile. Ach ‘leipreachán’ amháin atá i bhFoclóir Uí Mhianáin, agus sin atá in úsáid go coitianta anois.[1]

greanadh timpeall 1900
Leipreachán.

Tréithe

Tá an leipreachán ar méid páiste óig, cé go bhfuil na céadta blianta slánaithe aige ar nós na sióg eile. Bíonn dúil mhór ag an leipreachán in airgead, agus deirtear go bhfuil pota mór óir i bhfolach aige. Is féidir iallach a chur ar an leipreachán an pota óir a thabhairt don té a bheireann ar an leipreachán, cé go n-éalóidh an leipreachán múna gcoinneofar amharc air an t-am ar fad.

Tréithe seo an leipreacháin, taispeánann siad meas an tseansochaí ar fhir cheirde, is dócha. I dtuairim na muintire tuaithe, bhí na ceardaithe (ar nós gréasaithe, gaibhne, srl.) glic, saibhir, seachantach ar a gcuid maoine a roinnt le daoine eile.

Siombail

Tá siombail d'Éirinn ar fad déanta den leipreachán i Meiriceá Thuaidh. Tá an siombail ceangailte le stéiréitíopáilte eile Éireannacha, mar shampla cairdiúlacht, ólachán, agus Lá Fhéile Pádraig.

Béaloideas

Ní cairdiúil ar chor ar bith a bhí na leipreacháin i bhfíorseanchas na hÉireann.

Ar Gaois.ie tá 53 shampla de ‘leipreachán’ in úsáid i dtéacsanna Gaeilge agus gan ach trí shampla den iomaitheoir is gaire dó, ‘lucharachán’.[1]

Féach freisin

Tagairtí

  1. Eoin Ó Cróinín (2021-07-27). "'Is rialacha bréagacha gan bhunús iad cuid de na rialacha gramadaí'" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-07-17.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.