Leictreon

Sa bhfisic, is cáithnín fo-adamhach é an leictreon (Gréigis: ἤλεκτρον ḗlektron "ómra"), a léirítear go coitianta leis an tsiombail e−, a bhfuil lucht leictreach bunúsach diúltach aige.

Bosca Sonraí CáithnínLeictreon
Rangúcharged lepton (en) Aistrigh agus cáithníní bunúsacha Cuir in eagar ar Wikidata
idirghníomhaíochtaíidirghníomhú lag, idirghníomhú leictreamaighnéadach agus imtharraingt Cuir in eagar ar Wikidata
Frithcháithnínposatrón Cuir in eagar ar Wikidata
Fionnachtain1897 Cuir in eagar ar Wikidata
Lucht leictreach−1 Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint mhaighnéadach1.0011596521806 Cuir in eagar ar Wikidata
Guairne0.5 Cuir in eagar ar Wikidata
Paireacht1 Cuir in eagar ar Wikidata
Forshiméadrachtselectron (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eapainmómra Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir Monte Carlo11 Cuir in eagar ar Wikidata

Níl comhpháirteanna ná fo-struchtúr ar bith ag an leictreon; i bhfocail eile, sainmhínítear go ginearálta é mar bhuncháithnín. I dteoiric na dteaghrán, deirtear gur fo-struchtúr (teaghrán) atá i leictreon. Tá mais aige atá tuairim is 1836 oiread níos lú ná mais an phrótóin. Is ionann móiminteam uilleach (casadh) intreach an leictreoin agus luach leathshlánuimhir in aonaid ħ, rud a chiallaíonn gur feirmíon é. Tugtar posatrón ar a fhrithcháithnín: tá sé comhionann ach amháin i gcás go bhfuil luchtanna aige - lena n-áirítear luchtanna leictreacha - de chomhartha eile. Nuair a imbhuaileann leictreon le posatrón, is féidir an dá cháithnín a dhíothú go hiomlán agus fótóin ghámaradaíochta a tháirgeadh.

Stair

Thug na Gréagaigh ársa faoi deara gur mheall ómra rudaí beaga nuair a chuimil siad le fionnaidh. Mar aon le tintreach, tá an feiniméan seo ar cheann de na heispéiris is luaithe a taifeadadh ag an gcine daonna le leictreachas.[1] Ina thráchtas 1600 De Magnete, chum an t-eolaí Sasanach William Gilbert an téarma Nua-Laidin electrica, chun tagairt a dhéanamh do na substaintí sin a bhfuil airí cosúil le hairíonna ómra acu a mheallann rudaí beaga tar éis iad a chuimilt.[2] Díorthaítear leictreach agus leictreachas araon ón Laidin ēlectrum, a tháinig ón bhfocal Gréigise ar ómra, ἤλεκτρον (ēlektron).

Bhí George Johnston Stoney, fisiceoir Éireannach, ar na chéad daoine a d’úsáid an focal ‘leictreon’ ar an gcainníocht bhunúsach luchta a fhaightear sa leictrealú.[3]

Ba é Robert Millikan, Meiriceánach, an chéad duine a rinne luach an luchta ar an leictreon a thomhas.[4] D’úsáid sé turgnamh cáiliúil ar a dtugtar an turgnamh ola-bhraonach. Fuair sé amach go bhfuil lucht dar luach −1.6 × 10−19C (nó an luach sin iolraithe faoi shlánuimhir éigin) ar bhraon ola a luchtaítear go leictreastatach. Rinne sé amach gurb in é méid an luchta ar an leictreon.

Foirmiú

Is í teoiric na hOllphléisce an teoiric eolaíoch is mó a nglactar leis chun na céimeanna tosaigh in éabhlóid na Cruinne a mhíniú.[5] Don chéad milleasoicind den Ollphléasc, bhí na teochtaí os cionn 10 billiún ceilvin agus bhí meánfhuinnimh os cionn milliún leictreonvoltaí ag fótóin. Bhí na fótóin seo fuinniúil a dhóthain le go bhféadfaidís imoibriú lena chéile chun péirí leictreon agus posatrón a dhéanamh. Mar an gcéanna, chuir péirí posatrón-leictreon deireadh le chéile agus d'astaithe siad fótóin fuinniúla:

γ + γ ↔ e+ + e

Coinníodh cothromaíocht idir leictreoin, posatrón agus fótóin le linn na céime seo d'éabhlóid na Cruinne. Tar éis 15 soicind a rith, áfach, thit teocht na cruinne faoi bhun na tairsí ina bhféadfadh foirmiú leictreon-positron tarlú. Chuir an chuid is mó de na leictreoin agus na posatrón a tháinig slán as a chéile, ag scaoileadh gámaradaíocht a d'aththéamh go hachomair ar an gcruinne.[6]

Tagairtí

  1. Shipley, J. T. (1945). Dictionary of Word Origins. The Philosophical Library. p. 133. ISBN 978-0-88029-751-6.
  2. Benjamin, Park (1898). A history of electricity (The intellectual rise in electricity) from antiquity to the days of Benjamin Franklin. New York: J. Wiley, pp. 315, 484–85. ISBN 978-1-313-10605-4.
  3. Alex Keller: The Infancy of Atomic Physics. Hercules in His Cradle, Oxford University 1983. ISBN 0-19-853904-5
  4. GCE Physics A2 1 (Irish) Sum06.indd
  5. Lurquin, P.F. (2003). The Origins of Life and the Universe. Columbia University Press. p. 2. ISBN 978-0-231-12655-7.
  6. Silk, J. (2000). The Big Bang: The Creation and Evolution of the Universe (3ú heag.). Macmillan. pp. 110–112, 134–137. ISBN 978-0-8050-7256-3.

Naisc sheachtracha

This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.