Lachlann MacGuaire
Oifigeach airm na Breataine agus riarthóir coilíneach ab ea Lachlan MacGuaire (31 Eanáir 1762–1 Iúil 1824). Bhí sé ina Ghobharnóir ar New South Wales, san Astráil, ó 1809 go dtí 1821, agus bhí ról ceannasach aige i bhforbairt shóisialta, eacnamaíocha agus ailtireachta an choilíneachta. Measann staraithe go raibh tionchar ríthábhachtach aige ar aistriú New South Wales ó choilíneacht phionósach go lonnaíocht shaor agus dá bhrí sin go raibh ról mór aige i múnlú shochaí na hAstráile go luath sa naoú haois déag.
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Lachlan Macquarie |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 31 Eanáir 1762 Ulbha, Scotland |
Bás | 1 Iúil 1824 62 bliana d'aois Londain, England |
Áit adhlactha | Muile |
5 Gobharnóir New South Wales | |
1 Eanáir 1810 – 30 Samhain 1821 ← William Bligh – Thomas Brisbane → | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Ardscoil Ríoga |
Gníomhaíocht | |
Gairm | taiscéalaí, polaiteoir |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhillteach | |
Brainse míleata | Arm na Breataine |
Céim mhíleata | oifigeach coitianta |
Coinbhleacht | Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá |
Teaghlach | |
Céile | Jane Jarvis Elizabeth Macquarie (1807–luach anaithnid) |
Páiste | Lachlan Macquarrie ( Elizabeth Macquarie) |
Athair | Lachlan Macquarrie of Ormaig (en) agus Margaret Maclaine |
Gradam a fuarthas | |
Luathshaol agus gairm bheatha
Rugadh Lachlann in Ulbha, amach ó chósta Oileán Mhuile in Innse Gall, slabhra oileáin amach ó Chósta Thiar na hAlban. Bhí sé ina dhuine uasal de theaghlach Gaelach na hAlban 'Clann Guaire', a raibh Ulbha, Stafa, agus réigiún d’Oileán Mhuile aige le breis agus míle bliain, agus adhlacadh a shinsir in Í Chaluim Chille. De réir cosúlachta, shroich athair an Ghobharnóra MhicGhuaire, “fear na hintleachta, dea-bhéasach, agus ilnáisiúnach”, 103 bliana d’aois, agus é ag fáil bháis ar an 4 Eanáir 1818. Ba iníon le taoiseach Chlann MhicIllEathain a mháthair, a raibh caisleán aici ar Mhuile. D’fhág MacGuaire an t-oileán ag aois 14. Má fhreastail sé ar Ardscoil Ríoga Dhún Éideann (The Royal High School of Edinburgh), "mar a deirtear sa traidisiún", ní raibh sé ann ach ar feadh tréimhse an-ghairid, toisc ag an aois chéanna, chuaigh sé go deonach isteach san arm.
Chuaigh MacGuaire isteach sa 84ú Reisimint Choise an 9 Aibreán 1777, ag taisteal leis go Meiriceá Thuaidh sa bhliain 1777, chun páirt a ghlacadh i gCogadh Saoirse Mheiriceá. Mar earcach ar an mbealach go Meiriceá ghlac sé páirt i gCath an Newcastle Jane.
Ba é an cath seo an chéad bhua cabhlaigh do long thrádála Bhriotanach ar príobháideoir Meiriceánach. I dtosach, bhí sé lonnaithe in Halifax, Albain Nua, agus coimisiúnaíodh é mar mheirgire cúig mhí i ndiaidh dó teacht. Ar 18 Eanáir 1781, tugadh ardú céime go leifteanant dó agus aistríodh é go dtí an 71ú Reisimint (na nGarbhchríoch) Choise, agus d’fhóin sé leo i gCathair Nua-Eabhrac, Charleston, agus Iamáice. I Meitheamh 1784 d’fhill sé ar Albain mar leifteanant leathphá. Trí bliana ina dhiaidh sin, Lá Nollag 1787 fuair sé a choimisiún mar leifteanant sa 77ú Reisimint, áit a bhfaca sé seirbhís leis an arm san India agus san Éigipt. Rinneadh MacGuaire ina Mháisiún in Eanáir 1793 i Mumbai (ar a dtugadh Bombay ón 16ú haois go dtí 1995 freisin), i Lóiste Uimh. 1 (Uimh. 139 ar chlár den 'English "Moderns" Grand Lodge'). Fuair sé ardú céime mar Chaptaen ar 9 Samhain 1789, Maor ar 12 Márta 1801
Le linn 1801 bhí sé in éineacht le Sir David Baird agus Arm na hIndia chun na hÉigipte, le céim an Leas-Ard-Aidiúnach, agus bhí sé i láthair ag gabháil Chathair Alastair Alexandria agus ag díbirt deiridh Arm na Fraince as an Éigipt. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, sa bhliain 1803, bhí sé i Londain, mar Ard-Aidiúnach Cúnta don Tiarna Harrington, a bhí i gceannas ar cheantar Londain. Sa bhliain 1803 agus 1804 bhí sé é ar sheirbhís ghníomhach san India. D’fhill sé ar Londain sa bhliain 1807, agus é i gceannas ar an 73ú Reisimint Choise.
Sa bhliain 1793 phós sé Jane Jarvis, iníon le hiar-Phríomh-Bhreitheamh Antigua, Thomas Jarvis, a bhí básaithe, a raibh plandálacha sclábhaithe aici ansin. Trí bliana ina dhiaidh sin fuair sí bás den eitinn. I mí na Samhna 1807, phós MacGuaire a chol ceathrar Elizabeth Henrietta Campbell.