Lacha mhandrach
Lacha fara, dúchasach d'oirthear na hÁise ach a tugadh isteach i dtuaisceart na hEorpa is ea an lacha mhandrach (Aix galericulata).[1] An fireannach ildaite le ceann scáinte is cleití cosúil le seolta ar na sciatháin. Áitríonn sí uisce úr i measc crann, agus itheann síolta, éisc bheaga is feithidí. Neadaíonn sí i bpoll i gcrann.
Aix galericulata | |
---|---|
Sonraí | |
Mais | 41 g (meáchan breithe) |
Réise sciathán | 71 cm |
Meánlíon in ál | 10.4 |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 22680107 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Aves |
Ord | Anseriformes |
Fine | Anatidae |
Géineas | Aix |
Speiceas | Aix galericulata (Linnaeus, 1758) |
Ainmníocht | |
An chéad ainm Laidine a bhí air | Anas galericulata |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Ceantair eindéimeacha | Maguri Motapung Beel (en) |
Dáileadh
Bhíodh an speiceas le fáil go forleathan san Áise Thoir, ach tá laghdú tagtha ar an líon díobh atá anois ann mar thoradh ar méid díobh a cuireadh chuig tíortha eile agus scriosadh na gcoillte arb iad gnáthóg na lachan. Ceaptar anois nach bhfuil ach 1,000 péire díobh in oirthear na Rúise agus 1,000 péire eile sa tSín. Is dócha go bhfuil 5,000 péire sa tSeapáin, áfach. Imircigh iad na pobail Áiseacha agus iad ag caitheamh an gheimhridh sna hísleáin in oirthear na Síne agus i ndeisceart na Seapáine.
Éalaíonn siad go minic as bailiúcháin díobh i dtíortha eile, agus sa 20ú haois tháinig pobal mór fiáin de lachain mhandracha ar an saol i Sasana. Le blianta beaga anuas tá siad le fáil in Éirinn freisin, i gCaisleán an Easpaigh sa tuaisceart ach go mór mhór i bpáirceanna Bhaile Átha Cliath. Tá timpeall is 7,000 lacha mhandrach sa Ríocht Aontaithe. Tá grúpaí díobh ar Mhór-roinn na hEorpa freisin. Is i mBeirlín atá an grúpa is mó ann. Tá na lachain mhandracha le fáil anseo is ansiúd sna Stáit Aontaithe freisin, mar shampla in Black Mountain, Carolina Thuaidh agus i gContae Sonoma, California.
Gnáthaíonn an lacha mhandrach na coillte dlútha ar chiúmhaiseanna lochanna agus aibhneacha. Feictear iad in ísleáin sa chuid is mó ach uaireanta freisin i ngleannta suas go 1,500m in airde. Sa gheimhreadh, bíonn siad le feiceáil i riascanna agus ar aibhneacha chomh maith. Gí gur fearr léi fionnuisce feictear iad in inbhir agus múrlaigh ar na cóstaí freisin. San Eoraip, maireann siad i dtimpeallacht níos oscailte ná an ghnáthóg is dúchasach dóibh san Áise.[2]
Tagairtí
- ““Aix galericulata” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- Hussey, Matt (2011). "Lacha mhandrach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 390.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |