Lacha
Is ainm coitianta ar roinnt speiceas d'éin uisce é lacha. Ní grúpa tacsanomaíochta iad na lachain — cuimsíonn siad an fhine Anatidae in éineacht leis na géanna agus na healaí.
Tréithe
- Éan réasúnta beag (is speiceas níos mó di na géanna is na healaí), uisciúil den chuid is mó, le scamall iomlán idir 3 mhéar coise.[1]
- An muineál réasúnta fada, an gob maol leata. Bíonn péineas ag an bhfireannach, rud annamh i measc na n-éan.
Lachain agus Géanna
Tá an lacha agus an ghé cosúil lena chéile freisin. Tá goba ag an dá cheann acu a ligeann dóibh bia difriúil a ithe. Cabhraíonn gob na lachan léi nuair a bhíonn sí ag lorg bia san uisce agus ligeann gob na gé di féar a phiocadh suas. Tá cosa scamallacha ag an lacha agus ag an ngé agus cabhraíonn siad leo bheith ag snámh.[2]
Seanfhocal
- Ní troimide an loch an lacha
- Ní bheidh sé ina lá sula labhraí an lacha
- Ní féidir préachán bréige a dhéanamh de lacha
Féach freisin
Foinsí
- Madge, Steve & Burn, Hilary (1987): Wildfowl : an identification guide to the ducks, geese and swans of the world. Christopher Helm, London. ISBN 0-7470-2201-1
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.
- agriaware.ie. "Bia ón bhfeirm". Dáta rochtana: 2023.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.