Lóegaire Lorc
I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Laoghaire Lorc (Sean-Ghaeilge Lóegaire Lorc[1]) mac Úgaine Mór.
Cineál | duine |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | rí |
Náisiúntacht | Éire |
Muintir | |
Athair | Úgaine Mór |
Instear i Lebor Gabála Érenn[2] gur tháinig sé go díreach i gcomharbacht ar a athair, a bhí maraithe ag Bodbchad, cé go ndeir Seathrún Céitinn[3] agus na Ceithre Máistrí[4] gur tháinig Badhbhchaid i gcoróin le lá go leith sular mharaigh Laoghaire é.
Bhí Laoghaire i réim ar feadh dhá bhliain. Shantaigh a dheartháir Cobthach Cóel Breg an choróin, agus de réir comhairle draoi, lig sé air a bheith tinn, go dtuga Laoghaire cuairt air. Lena theacht, lig Cobhthach air go raibh sé marbh. Nuair a chrom Laoghaire thar a chorp le dobhrón, sháigh sé é le miodóig. D'íoc Cobhthach le duine ansin, nimh a thabhairt Ailill Áine mac Laoghaire, agus chur sé iachall ar Labraid mac Ailella croíthe a athar agus a sheanathar, agus luch, a ithe. Chuir Cobhthach ar deoraíocht é Labraid, is amhlaidh toisc gurbh eisean an fear is fáiltí in Éirinn.[5]
Achar ama
- Leabhar Gabhála na hÉireann: Ptolemy II Philadelphus (281–246 RC).
- Foras Feasa ar Éirinn: 411–409 RC.
- Annála na gCeithre Máistrí: 594–592 RC.
Tagairtí
- 1 lorc ar eDIL
- R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 275-277
- Foras Feasa ar Éirinn, 1.28 - 1.29
- Annála na gCeithre Máistrí, M4606-4608
- Leabhar Laighneach, "The Destruction of Dind Rig"
Réamhtheachtaí Úgaine Mór nó Bodbchad |
Ard-Rí na hÉireann LGÉ 3ú haois RC FFÉ 411–409 RC ACM 594–592 RC |
Comharba Cobthach Cóel Breg |