Lá na nAmadán
Ar Lá na nAmadán agus Lá na n-Óinseach, bíonn cleasa á n-imirt agus lucht na cleasaíochta i mbun diabhlaíochta, ar mhaithe le giota spraoi. Bíonn amadán Aibreáin a dhéanamh de dhaoine.
Cibearspás
Bíonn an chéad lá d’Aibreán ina ruaille buaille ar líne i gcónaí. Bíonn bréagscéalta ag dul timpeall an Ghréasáin[1].
Eachtraí
- D’fhógair an comhlacht ríomhaireachta Hyperkin ar Lá na nAmadán go raibh siad chun gléas a eisiúint a ligfeadh duit cuma Game Boy a chur ar d’iPhone agus fiú cluichí a imirt ar an ghuthán[2].
- Thuairiscigh RTÉ go mbainfidh an Túr Solais ó Shráid Uí Chonaill mar chuid de Chomóradh 1916. Dúradh go rabhthas ag iarraidh an tsráid mar a bhí sí sa bhliain 1916 a athchruthú do Sheachtain na Cásca 2016 nuair a bheadh an iliomad imeachtaí agus mórshiúlta ar siúl sa chathair.[3]
- Na 5 Bhob Is Fearr, dár le Nós, sa bhliain 2015[4].
Stair
Scríobh Séamus Ó Beirne dráma sa bhliain 1901, Lá na nAmadán; nó, an t-Oifigeach agus Seaghan Bán[5],[6].
Féach freisin
Tagairtí
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.