Kristallnacht
Is éard a bhí i gceist le Kristallnacht, nó Oíche na Gloine Briste, ar a dtugtar freisin Reichskristallnacht, Pogromnacht, agus Novemberpogrome, ná pogram nó sraith d'ionsaithe i gcoinne na nGiúdach ar fud Ghearmáin na Naitsithe agus páirteanna na hOstaire ar an 9-10 Samhain, sa bhliain 1938.
Cineál | pogrom | |
---|---|---|
Dáta na bliana | Samhain 1938 | |
Suíomh | Gearmáin na Naitsithe | |
Tír | Gearmáin na Naitsithe | |
Reinhard Heydrich (en) | ||
Sprioc | na Giúdaigh | |
Cúis | feallmharú Ernst vom Rath (en) | |
Le cuid | ||
book burning (en) | ||
Scriosadh tithe Giúdacha maille le siopaí, bailte agus sráidbhailte, nuair a d'ionsaigh baill den fhórsa paraimíleatach (Gearmáinis: Sturmabteilung) agus sibhialtaigh foirgnimh le ceapoird, ag fágáil na sráideanna clúdaithe le píosaí d'fhuinneoga briste- bunús an téarma "Oíche na Gloine Briste". Maraíodh 91 Giúdach, agus glacadh 30,000 Giúdach fireannn - an ceathrú cuid d'fhir Giúdacha na Gearmáine - chuig sluachampaí géibhinn, áit ar céasadh iad ar feadh tréimhse míosa, le os cionn 1,000 duine acu ag fáil bháis. Scriosadh timpeall 1,668 sionagóg, agus loisceadh 267 dóibh. I Vín, scriosadh 95 sionagóg nó tithe urnaí.
Féach freisin
- Frith-Sheimíteachas
Tagairtí
Naisc sheachtracha
Teimpléad:Síol-Naitsioch