Kirk Douglas
Aisteoir, léiritheoir, stiúrthóir, údar agus daonchara Meiriceánach ab ea Kirk Douglas, a rugadh faoin ainm Issur Danielovitch (Giúdais: איסר דניאלאָוויטש) ar an 9 Nollaig 1916. Fuair sé bás inaois a 103 bliana ar an 5 Feabhra 2020.
Inimircigh Giúdacha a bhí ina thuismitheoirí ó Chavusy in Impireacht na Rúise (Bealarúis an lae inniu). Ba í an Ghiúdais a bhíodh acu ó dhúchas. D'fhan sé lena dara bean chéile, Anne Buydens, léiritheoir, ar feadh 65 bliana go dtí lá a bháis. Agus 103 bliana slánaithe aige, bhí sé ar na réaltaí móra deireannacha ó bharr-réim tionsclaíocht na scannán.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.