Kate McKinnon
Fuirseoir agus ban-aisteoir Meiriceánach is ea Kathryn McKinnon Berthold nó Kate McKinnon, an t-ainm a úsáideann sí ina saol gairmiúil, a rugadh ar 6 Eanáir 1984[1][2][3] Aithnítear í thar aon ní eile as a cuid sceitsí grinn ar na cláracha teilifíse Saturday Night Live agus The Big Gay Sketch Show.[4] Rinne sí páirt an Dr. Jillian Holtzmann insan athdhéanamh a rinneadh sa bhliain 2016 den scannán Ghostbusters.
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Eanáir 1984 39 bliana d'aois Sea Cliff, New York ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Columbia North Shore High School (en) ![]() ![]() |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Aisteoireacht agus scríbhneoireacht scannán |
Gairm | aisteoir scannáin, polaiteoir, ban-aisteoir, aisteoir gutha, aisteoir teilifíse, fuirseoir, scríbhneoir scripte ![]() |
Tréimhse oibre | 2007 – |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Daonlathach ![]() |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas
| |
Ainmnithe do
| |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Tá clú uirthi mar gheall ar a cuid saothair le carachtair [5] agus a cuid aithrisí ar dhaoine cáiliúla.[6] Aithnítear í as na haithrisí atá déanta aici ar phop-amhránaí Justin Bieber, fuirseoir agus bean an tí teilifíse Ellen DeGeneres,[7] agus polaiteoir Hillary Clinton.[7][8] Ainmníodh í do cheithre Primetime Emmys, trí cinn díobh mar shár-bhanaisteoir taca i sraith ghrinn—as a bhfuair sí ceann amháin sa bhliain 2016—agus ceann ar son ceoil agus liricí bunúsacha.
A luathshaol
Rugadh agus tógadh Kate McKinnon Berthold in Sea Cliff, New York.[1][9] Is iníon le Laura Campbell, oideachasóir tuismitheoirí, agus Michael Thomas Berthold, ailtire í.[10][11][12] Tá deirfiúr níos óige aici darbh ainm Emily.[1][12] Fuair a hathair bás nuair a bhí sí 18 bliana d'aois.[1][11]
Tagairtí
- "One Funny Voice at a Time". Cartlannaíodh an bunleathanach ar Nollaig 19, 2012. Dáta rochtana: Samhain 15, 2016.
- "Kate McKinnon joining 'SNL' cast". Cartlannaíodh an bunleathanach ar Lúnasa 12, 2018. Dáta rochtana: Samhain 15, 2016.
- "Long Island celebrity yearbook pictures: The 2000s". Cartlannaíodh an bunleathanach ar July 27, 2014.
- "Cast Bios: Kate McKinnon".
- McGlynn, Katla (March 29, 2012). "Kate McKinnon Joining 'SNL' As Featured Player". Huffington Post. Retrieved April 4, 2012.
- "Kate McKinnon: Who is SNL's first open lesbian cast member?".
- Lal, Kanika (August 25, 2016). "Kate McKinnon reveals she was 'destitute' and 'unemployed' before landing her job on Saturday Night Live". Daily Mail.
- "'Saturday Night Live' takes on Hillary Clinton email controversy". CNN.
- "Kate McKinnon Bio Repertory Player Saturday Night Live NBC".
- "Columbia College Today". Cartlannaíodh an bunleathanach ar Nollaig 19, 2012. Dáta rochtana: Samhain 15, 2016.
- "Obituaries". Cartlannaíodh an bunleathanach ar Nollaig 3, 2008. Dáta rochtana: Samhain 15, 2016.
- "LONG ISLAND JOURNAL; Impossibly Appealing Views of Main Street - New York Times".