Kajaani
Is í Kajaani (Sualainnis: Kajana) príomhchathair Kainuu, ar réigiún é i dtuaisceart na Fionlainne taobh theas den Laplainn agus taobh thoir den Ostrabóitne. Sa bhliain 2015 bhí cónaí ar 37,714 duine in Kajaani.
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | An Fhionlainn | ||||
Regional State Administrative Agency (en) ![]() | Northern Finland Regional State Administrative Agency (en) ![]() | ||||
Region of Finland (en) ![]() | Kainuu ![]() | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 36,297 (2022) ![]() | ||||
• Dlús | 16.03 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | An Fhionlainnis ![]() | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Oulu ![]() | ||||
Achar dromchla | 2,264.01 km² ![]() | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Vuolijoki ![]() | ||||
Cruthú | 1651 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Kajaani City Council (en) ![]() ![]() | ||||
• Ceannaire an rialtais | Jari Tolonen ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | kajaani.fi ![]() |
Ba é an Cunta Peadar Brahe (Fionlainnis: Pietari Brahe, Sualainnis: Peter Brahe) a bhunaigh an chathair sa bhliain 1651, ach níor tháinig fás ar an áit i gceart roimh an bhfichiú haois. Ní raibh ach míle dhá chéad duine ina gcónaí in Kajaani i dtús na haoise sin. Rinne buamaí an Aontais Shóivéadaigh an-scrios ar an gcathair le linn an Dara Cogadh Domhanda, ach thosaigh an borradh arís i ndiaidh an chogaidh, agus atógáil ar siúl ar fud na háite. Le teacht na nóchaidí áfach thosaigh Kajaani ag cailleadh daonra, ó bhí muintir na háite ag aistriú go hOulu agus go Heilsincí.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |