Julie Arel

Amhránaí agus cumadóir Fraincise is ea Julie Arel. Rugadh í mar Francine Lagrange in Québec ar 2 Lúnasa 1947.

Infotaula de personaJulie Arel
Beathaisnéis
Breith(fr) Francine Lagrange
2 Lúnasa 1947
76 bliana d'aois
Cathair Québec, Quebec Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí is scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1967   2000
SeánraBailéad, popcheol agus Amhránaíocht Fraincise Québec
UirlisCeol gutha agus pianó
Lipéad ceoilPolydor Records
Astra
Capitol Records (19761980) Cuir in eagar ar Wikidata

Musicbrainz: c451dc3d-1c08-4099-8f22-b1f464473485 Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha

Thosaigh sí ag canadh os comhair an phobail agus í óg. Ní raibh sí ach fiche bliain d’aois nuair a chuaigh sí i mbun a ceirde sna ceabairéanna in Montréal agus i gceantair níos faide amach. Ina dhiaidh sin thugadh sí cuairt na n-óstán galánta in Québec chun aird na ndaoine a tharraingt uirthi féin.

I 1969 ligeadh í isteach sa chomórtas amhránaíochta Le rideau s'ouvre. Ghnóthaigh sí an duais, rud a thug deiseanna nua di i gcúrsaí teilifíse. tharla, áfach, go raibh moill uirthi ag cur ceirnín amach, agus is beag aird a tugadh ar an gcéad cheann, Le temps d'aimer (Polydor 1970). I 1972 rug sí fille, Justine, agus bhí uirthi í a thógáil mar mháthair aonair, ag canadh sna beáir phianó chuna a beatha a shaothrú.

I 1973 d’éirigh thar cionn léi ag Féile na hAithne. Rinne sí a céad albam, Julie Arel, agus a lán amhrán le Diane Juster le fáil air. Lean sí uirthi ag déanamh camchuairteanna agus ghnóthaigh an duais ab airde ag Féile Idirnáisiúnta na hAmhránaíochta i 1973. D’eisigh trí trí albam trí Capitol Records agus tóir orthu. Chum a lán scríbhneoirí Fraincise amhrán di agus Luc Plamondon ina measc.

Ní raibh sí le cloisteáil ar feadh tamaill sna 1980í, ach i 1984 d’eisigh sí Des ténèbres à la lumière, albam amhrán cráifeach a chum sí féin. Ní raibh lucht raidió agus teilifíse sásta iad a chraoladh, ach tá camchuairteanna déanta aici leo i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe.

Le cloisteáil

Julie Arel – “C'est trop facile”:

Julie Arel – “Qu’est ce qui m’arrive”:

Julie Arel – “On finit toujours par se rejoindre” (1976):

Dioscliosta

Albaim

  • 1973 : Julie Arel (Disques Fleur)
  • 1976 : Merci à toi (Capitol)
  • 1977 : Je nous aime (Capitol)
  • 1978 : Avec toi mon amour (Capitol)
  • 1984 : Des ténèbres à la lumière (Boîtadisc)

Bailiúcháin

  • 1981 : Les plus grands succès de Julie Arel (Chris Records)
  • 1982 : Mes plus belles chansons (Boîtadisc)
  • 1998 : C'est trop facile (Compilation CD des premiers titres) (Fonodor)

Ceirníní single

  • 1970 : Le temps d'aimer - Je t'oublie déjà (Polydor)
  • 1971 : Ma vie c'est l'amour - Tous les deux (Astra)
  • 1971 : Ce sera bon et doux à Noël - L'enfant qui a faim et froid (Astra)
  • 1972 : Mieux que personne - Et puis je t'oublie (Much)
  • 1973 : C'est trop facile - Pour toi seul (Much)
  • 1973 : Soleil qui danse - Julien mon frère (Disques Fleur)
  • 1974 : Soleil, soleil - Désormais Dieu m'aidera (Disques Fleur)
  • 1976 : Merci à toi - L'horizon à l'œil (Capitol)
  • 1976 : On finit toujours par se rejoindre - Le miracle de la jeunesse (Capitol)
  • 1977 : Puisque je t'aime - Le printemps (Capitol)
  • 1977 : Rêves d'amour - Nos amours (Capitol)
  • 1977 : Quand tu es là - Je nous aime (Capitol)
  • 1978 : Avec toi mon amour - Si toi tu m'aimes (Capitol)
  • 1978 : C'est bon - Vie d'amour (Capitol)
  • 1978 : Quand on est amoureux - Instrumental disco (Capitol)
  • 1979 : Dans ton auto - Qui a peur du mal d'amour (Capitol)
  • 1979 : Québec enfant d'eau (Capitol)
  • 1984 : Rien n'est plus important qu'un ami (Boîtadisc)

Foinsí

  • 1983 : Marie-Odile Vézina et Edward Rémy, Têtes d’affiche (Éditions du Printemps)
  • 1992 : Robert Thérien et Isabelle D’Amours, Dictionnaire de la musique populaire au Québec de 1955 à 1992 (Institut québécois de recherche sur la culture)
  • 1999 : Marcel Brouillard, La chanson en héritage (Les Éditions Québécor)
  • 1999 : Julie Arel, Une vie prédestinée, je veux la chanter (Biographie, Éditions Cœur Ouvert)

Naisc

This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.