John Vane
Cógaseolaí a rugadh i dTardebigg Shasana ab ea Sir John Robert Vane (29 Márta 1927 – 19 Samhain 2004). Rinne sé taighde suntasach ar ghabhdóirí aidréinéirgeacha sa néarchóras agus ról na scamhóg i ngabháil drugaí is an mheitibileacht.
Rinne sé staidéar ar cheimic na bprostaglaindiní. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1982 le Bengt Samuelsson is Sune Bergström as a bhfionnachtana ar phrostaglaindin agus comhábhair ghaolmhara.[1]
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "John Robert Vane". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 696.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.