John Crown
Is oinceolaí comhairleach agus ba sheanadóir é an tOllamh John Crown (rugadh 1 Márta 1957 i Nua-Eabhrac).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Márta 1957 66 bliana d'aois Nua-Eabhrac, New York |
Seanadóir na hÉireann | |
25 Bealtaine 2011 – 9 Feabhra 2016 Téarma parlaiminte: 24ú Seanad Éireann Toghcheantar: Ollscoil Náisiúnta na hÉireann | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Coláiste Thír An Iúir Duibhe Ollscoil Stáit Nua-Eabhrac Coláiste Eoin |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | luach ar iarraidh |
Suíomh gréasáin | johncrown.ie |
Saol
Imircigh Éireannacha i Nua-Eabhrac a bhí i dtuismitheoirí John Crown. D'fhill siad ar Éirinn sa bhliain 1967.
Bhain Crown a dintiúraí leighis amach i gCOBÁC agus ina dhiaidh BSc i bpaiteolaíocht san ollscoil chéanna. Oiliú é i leigheas ginearálta agus oinceolaíocht i mBaile Átha Cliath, Sasana agus Nua-Eabhrac.
D'fhill sé go hOspidéal Naomh Uinseann agus Lúcas sa bhliain 1993. Is saineolaí é ar an oinceolaíocht agus é ag díriú isteach ar ailse brollaigh agus meileanóma.
Is ollamh de chuid COBAC é agus suim ar leith aige i dtaighde bainteach le hailse brollaigh.
Toghadh é go Seanad Éireann i 2011 ar phainéal NUI ach níor sheas sé arís i 2016.
Phós sé don tarna uair sa bhliain 2014 le Orla Murray agus rugadh mac, James, dó féin agus Orla sa bhliain 2015.
Tuairimí
Dhearbhaigh John Crown sa bhliain 2011 go bhfuil míthuiscint ann gur tháinig méadú mór ar líon na bpáistí a rugadh le máchail sna blianta a lean an Tubaiste Shearnóbail, ach nach raibh na fíricí ann chun é sin a chruthú[1] agus dúirt sé nach raibh fianaise eolaíoch ann go ndearna tionóisc Chernobyl an méid dochair do shláinte phoiblí is a deirtear.