John Cage
Cumadóir ceoil "avant garde" ab ea John Milton Cage (a rugadh i Los Angeles, California; 5 Meán Fómhair 1912 – 12 Lúnasa 1992). Bhain Cage feidhm as leictreonaic agus an pianó ullmhaithe (an fhuaim díchumtha le réada a chuirtear isteach sa ghléas).
Ceannródaí ba ea Cage. Mar shampla le "ceol seansúil", ní fios caidé mar a fhuaimneoidh an ceol roimh ré[1]. Tá an seinnteoir chomh saor agus is féidir leis a bheith chun tobchumadh a dhéanamh (taobh istigh de na teorainn atá leagtha síos ag John Cage). Sampla amháin de phíosa ceoil sa stíl seo ná “Imaginary Landscape” le John Cage áit a bhfuil 12 raidió ag seinm ag an am céanna. Thig leis na seinnteoirí an fhuaim a chur suas nó síos, nó an stáisiún a athrú de réir mar is mian leo. Braitheann an píosa ceoil ar caidé atá ar na stáisiúin éagsúla ag an am. Is furasta a aithint nach mbeadh aon dá sheinm den phíosa seo mar an chéanna. Níor bhac Cage le nodaireacht traidisiúnta, ach d‟úsáid sé nodaireacht ghrafach.
Tost
Rinne Cage tástálacha le tost, inar bhain úsáid as dísle chun codanna dá chuid cumadóireachta a shocrú. 4‟ 33” is teideal do phíosa a chum John Cage. Sa phíosa seo níl ann ach seinnteoir amháin, ag an phianó, agus suíonn an seinnteoir ag an uirlis ar feadh 4 nóiméad 33 soicind. Ní sheinntear nóta ná ní dhéantar aon fhuaim faoi leith[2].
Ba é an smaoineamh a bhí ag Cage ná gurb é ceol an tsaoil nó ceol na beatha féin a bhí le cluinstin ag an lucht éisteachta. Mar sin b‟fhéidir go mbeadh duine amháin ag casachtaí, nó gíoscán ó shuíochán le brath agus ba iad na fuaimeanna seo, measctha leis an tost, an t-aonad ar a thug an cumadóir 4‟ 33”.
Ceol Éireannach
Sa bhliain 1979, léirigh Cage scór dar teideal “Roaratorio, an Irish Circus on Finnegan’s Wake”. Léigh Cage sliochtanna ó Finnegans Wake de chuid James Joyce le tionlacan ceoil ó cheoltóirí traidisiúnta, ina measc Seamus Ennis, Paddy Glackin, Joe Heany agus Mel Mercier[3].[4]
Tagairtí
- Ceol don Ardteist, COGG
- Fonn Ceoil: Ceol don Teastas Sóisearach, Sinéad Ní Fhathaigh agus Deirdre Ní Chaomhánaigh, COGG
- BBC http://www.bbc.co.uk/programmes/p0108t6w
- Hussey, Matt (2011). "John Milton Cage". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 104.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |