John Bellingham
Fear gnó Sasanach ab ea John Bellingham (1769 - 18 Bealtaine 1812). Bhí Bellingham míshásta faoi rialtas na Breataine ar bhonn pearsanta. Lámhaigh sé Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Spencer Perceval, ar 11 Bealtaine 1812.
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1769 St Neots, England ![]() |
Bás | 18 Bealtaine 1812 42/43 bliana d'aois Londain, England ![]() |
Siocair bháis | Pionós an bháis (Crochadh) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dúnmharfóir, ceannaí ![]() |
Eile | |
Ciontaíodh i | dúnmharú (1812) ![]() |
Croineolaíocht | |
11 Bealtaine 1812 | feallmharú Spencer Perceval ![]() |
Faoi cheann seachtaine a triaileadh agus crochadh Bellingham.[1] Is cosúil go raibh Bellingham as a mheabhair ach crochadh é ina ainneoin sin.
Ansin dioscadh corp Bellingham ina bpíosaí beaga (mar ba ghnáth ag an am, chun taighde leighis a dhéanamh agus b'fhéidir chun cosc a chur air dul chun na bhFlaitheas). Sa chás seo, choinnigh na máinlianna croí Bellingham beo ar feadh ceithre huaire i ndiaidh a chrochadh, éacht nach beag ag an am.
![](../I/PercevalShooting.jpg.webp)
Dúnmharúː Cassell's Illustrated History of England Vol.5 (1909)
Tá blaosc Bellingham ar taispeáint inniu in Ollscoil Queen Mary, Londain.[2]
Tagairtí
- Miles Goslett (2012-05-01). "Blood in the House of Commons! Two hundred years on, the shocking story of Spencer Perceval, the only British PM to have been assassinated". Mail Online. Dáta rochtana: 2020-05-11.
- Ollscoil Queen Mary - Pathology Museum. "Bellingham's Skull". www.qmul.ac.uk. Dáta rochtana: 2020-05-11.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.