Johann Sebastian Bach

Ba chumadóir Gearmánach é Johann Sebastian Bach. Chum Bach ceol i stíl Barócach, tréimhse i stair an cheoil thart ar 1580-1750 agus ina raibh an chruthaitheacht i mbarr láin.[1]

Infotaula de personaJohann Sebastian Bach

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Márta 1685 (Iúlach)
Eisenach (An Impireacht Naofa Rómhánach)
Bás28 Iúil 1750
65 bliana d'aois
Leipzig (An Impireacht Naofa Rómhánach)
Siocair bháisBás nádúrtha (Stróc)
Áit adhlacthaSt. Thomas Church (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Thomaskantor (en) Aistrigh
1723 – 1750 (bás)
Máistir séipéil
Nollaig 1717 – Aibreán 1723 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnLiútarachas
Scoil a d'fhreastail sé/síSt. Michael's School (en) Aistrigh (1702) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghearmáinis
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Mühlhausen/Thüringen
Arnstadt
Leipzig
Weimar
Köthen Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmcumadóir, treoraí ceolfhoirne, ceoleolaí, múinteoir ceoil, virtuoso, stiúrthóir cóir, veidhleadóir, stiúrthóir ceolfhoirne, orgánaí, cruitchláraí, múinteoir scoile Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1710 
FostóirBachkirche Arnstadt (en) Aistrigh, orgánaí (17031707)
Johann Ernst III, Duke of Saxe-Weimar (en) Aistrigh, veidhleadóir (17031703)
Leopold, Prince of Anhalt-Köthen (en) Aistrigh, máistir séipéil
Divi Blasii, Mühlhausen (en) Aistrigh, orgánaí
Thomasschule zu Leipzig, cantor (en) Aistrigh, múinteoir ceoil
Collegium Musicum (en) Aistrigh, stiúrthóir ceolfhoirne Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraBarócach agus ceol clasaiceach
GluaiseachtBarócach
Mac/iníon léinn de chuidJohann Ambrosius Bach, Johann Christoph Bach III, Johann Ludwig Bach, Johann Christoph Bach II agus Diderik Buxtehude
Mac/iníon léinnJohann Friedrich Agricola, Johann Christoph Altnickol, Johann Friedrich Doles, Carl Gotthelf Gerlach, Johann Ludwig Krebs, Johann Gottfried Müthel agus Johann Christian Kittel
Faoi thionchar
TeangachaAn Ghearmáinis, an Iodáilis agus an Laidin
UirlisOrgán, cruitchorda, veidhlín agus vióla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
TeaghlachBach family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileMaria Barbara Bach (17071720), bás a c(h)éile
Anna Magdalena Bach (17211750 (Iúlach)), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteWilhelm Friedemann Bach
 ( Maria Barbara Bach)
Johanna Carolina Bach
 ( Anna Magdalena Bach)
Regina Susanna Bach
 ( Anna Magdalena Bach)
Christiana Sophia Enrietta Bach
 ( Anna Magdalena Bach)
Leopold Augustus Bach
 ( Maria Barbara Bach)
Christiana Dorothea Bach
 ( Anna Magdalena Bach)
Regina Johanna Bach
 ( Anna Magdalena Bach)
Christiana Benedicta Louisa
 ( Anna Magdalena Bach)
Johann August Abraham Bach
 ( Anna Magdalena Bach)
Ernestus Andreas Bach
 ( Anna Magdalena Bach)
Johann Christoph Bach
 ( Maria Barbara Bach)
Elisabeth Juliana Friderica Bach
 ( Anna Magdalena Bach)
Johann Christian Bach
 ( Anna Magdalena Bach)
Carl Philipp Emanuel Bach
 ( Maria Barbara Bach)
Maria Sophia Bach
 ( Maria Barbara Bach)
Johann Gottfried Bernhard Bach
 ( Maria Barbara Bach)
Gottfried Heinrich Bach
 ( Anna Magdalena Bach)
Johann Christoph Friedrich Bach
 ( Anna Magdalena Bach)
Catharina Dorothea Bach
 ( Maria Barbara Bach)
Christian Gottlieb Bach
 ( Anna Magdalena Bach) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohann Ambrosius Bach  agus Maria Elisabeth Lämmerhirt
SiblínJohann Christoph Bach III agus Johann Jacob Bach
Duine muintearthaChristoph Bach (seanathair) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

IMDB: nm0001925 IBDB: 10027
Youtube: UCFtSXTlIMFFkyJbHO3V5b7A Spotify: 5aIqB5nVVvmFsvSdExz408 iTunes: 11862 Last fm: Johann+Sebastian+Bach Musicbrainz: 24f1766e-9635-4d58-a4d4-9413f9f98a4c Lieder.net: 3259Songkick: 556956 Discogs: 95537 IMSLP: Category:Bach,_Johann_Sebastian Allmusic: mn0000075140 Find a Grave: 4237 Cuir in eagar ar Wikidata

Is scéal dochreidte é inniu, ach chaith Bach a shaol mar ghnáth-cheoltóir.[2] Ní raibh clú ná cáil ar an gceol a chum sé lena linn féin. Ach in 1829 (79 bliain tar éis a bháis), tháinig athrú ar an scéal. Stiúraigh an cumadóir Felix Mendelssohn saothar le Bach, Páis Naomh Mhatha agus moladh é go hard na spéire. Bhí Bach i réim as sin amach.[2]

BWV739 ː How beautifully shines the Morgenstern

Cumadóireacht

Ceol eaglasta a bhí idir lámha aige den chuid is mó i dtús: an Pháis de réir Eoin, an Pháis de réir Mhatiú, oratóirí agus tuairim is 300 cantáid a bhfuil mórán acu caillte.

Scríobh Bach ceol freisin do na gléasanna ceoil veidhlín, dordveidhil, fliúit, orgán, cruitchorda agus clabhchorda. Do cheolfhoireann, chum sé mar shampla na sé gcoinséartó Bhrandenburg cáiliúla.

Sonata 1ma á Violino Solo senza Basso di JSBach : Adagio; 1720

Saol

Rugadh Bach ar an 21 Márta 1685 i dteaghlach de cheoltóirí in Eisenach é, an té ab óige d'ochtar clainne. Bhí post ag a athair mar cheoltóir an bhaile.

Sa bhliain 1695, chuaigh Bach ina chónaí le deartháir níos sine leis. B'orgánaí é agus meastar gur mhuin sé an t-orgán do Bach.

In 1703 agus in aois 18 dó, fuair Bach jab mar cheoltóir cúirte, ag seinm ar an veidhlín agus ar an orgán.

Bhí Bach pósta dhá uair, agus bhí 20 clainne aige (bhí roinnt acu freisin ina gceoltóirí / gcumadóirí). In 1707, phós Bach a chol ceathrar Maria agus bhí seachtar clainne acu.[2]

Sa bhliain 1717, in aois 28, fuair Bach post maith mar cheoltóir i gcúirt an Prionsa Leopold in Anhalt-Cohen.

Fuair Maria bás in 1720. An bhliain dár gcionn, phós Bach Anna Wilcke agus bhí 13 clainne eile aige.

In 1723, in aois 38 dó, bhog Bach go Leipzig. Bhí sé ina mhúinteoir agus ina stiúrthóir i Séipéal Naomh Thomáis. In 1729, ceapadh é ina stiúrthóir ar Choláiste Cheoil Leipzig.[2]

Fuair Bach bás ar an 28 Iúil 1750 i Leipzig. Faillí leighis ba chionsiocair lena bhás is cosúil (fuair sé ionfhabhtú sna súile agus tharla seipsis b'fhéidir).[3]

Féach freisin

Closmheáin

Tagairtí

  1. "Baroque music" (as en) (2021-07-26). Wikipedia.
  2. Deborah Lock. "Leabhar Mór an Cheoil | CIC". Futa Fata, 9781906907303. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-04-16. Dáta rochtana: 2021-07-28.
  3. Richard H. C. Zegers (2005-10-01). "The Eyes of Johann Sebastian Bach" (as en). Archives of Ophthalmology 123 (10): 1427–1430. doi:10.1001/archopht.123.10.1427. ISSN 0003-9950.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.